Má fhaighim bás ba mhaith liom a rá nár mharaigh mé Sophie, a deir Ian Bailey

11/09/2023

Mhaigh Ian Bailey go raibh dhá ‘suspected heart attacks’ aige agus cuireann sé an milleán ar an strus a bhain le ‘cás Sophie’

Tá sé ráite ag Ian Bailey go raibh dhá thaom croí amhrasta (suspected heart attacks) aige agus go raibh cóir leighis á cur air in aonad cairdiach ospidéal i gCorcaigh.

Ian Bailey
Ian Bailey

Tá Bailey, atá 66 bliain d’aois, faoi amhras i ndúnmharú Sophie Toscan du Plantier, a bhí 39 mbliana d’aois i 1996.

Dúirt sé go raibh faitíos air go raibh an strus a bhain leis a bheith nasctha leis an gcoir go mícheart, le 26 bliain anuas, tar éis dul i bhfeidhm ar a shláinte faoi dheireadh.

‘Tá mé an-tinn agus tá eagla orm go bhfuil an t-am ag imeacht orm. Ní raibh na dochtúirí in ann oibriú mar gheall ar na fadhbanna sláinte atá agam cheana,’ a dúirt sé.

‘Tá ceist chroí de shaghas éigin agam ach i láthair na huaire ní féidir leo “stents” a chur isteach.

Sophie Toscan du Plantier 3 1
Sophie Toscan du Plantier

‘Ní theastaíonn uaim ach go mbeadh a fhios ag daoine, mura dtagaim tríd, gur fear neamhchiontach mé agus nár mharaigh Sophie.’

Dúirt sé go bhfuair sé tinn an deireadh seachtaine seo caite.

‘Bhí taom croí orm Dé Domhnaigh agus ansin Dé Luain agus cuireadh cóir leighis orm ar dtús in ospidéal Bheanntraí.’

Dúirt sé: ‘Mothaím an-lag faoi láthair agus níl a fhios agam cad a bheidh ann amach anseo.’

Dúirt sé freisin: ‘Bhí mé ag fulaingt ó strus agus imní an-mhór le seachtainí anuas mar gheall ar chás Sophie ar fad agus an t-ionchas go gcaithfí amach as mo theach mé’.

D’éirigh le Bailey, ar céimí dlí é freisin, an t-eiseachadadh (extradition) go dtí an Fhrainc a throid trí huaire ó 2010 i leith mar gheall ar dhúnmharú Sophie.

Ian Bailey Jules Thomas 1
Le Jules Thomas

Tá sé ag maíomh go seasta go raibh sé neamhchiontach i ndáil le marú na máthar Francach ar an 23 Nollaig, 1996 ina teach saoire in iarthar Chorcaí.

Ghabh gardaí Bailey faoi dhó maidir leis an imscrúdú i 1997 agus 1998 ach scaoileadh saor é ar an dá ócáid.

Rialaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nach raibh cás le freagairt aige. Ach ciontaíodh é in absentia ag cúirt Fhrancach as an marú in 2019.


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram