Maraíodh bean sna hochtóidí i dtimpiste bóthair i dTamhlacht (Tallaght) i mBaile Átha Cliath agus gortaíodh fear sna daichidí go dona i gCathair Phort Láirge.
Fuar an bhean bás ar maidin Dé hAoine nuair a bhí sí amuigh ag siúl.
Bhuail carr í ag an acomhal (junction) idir Bealach Bhaile Uí Fhoirtcheirn ( Fortunestown Way ) agus Bóthar Bhaile an tSíbhrigh (Cheeverstown Road) thart ar 11am.
D’imigh an tiománaí gan cuidiú léi, ach fuarthas an carr ní ba dhéanaí agus tá na Gardaí le scrúdaithe teicniúla a dhéanamh air.
Fógraíodh go raibh an bhean marbh ag an láthair agus tugadh corp na mná go dtí Marbhlann Bhaile Átha Cliath i bhFionnbrú ( City Morgue at Whitehall ), le haghaidh scrúdú iarbháis air.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine ón bpobal a bhfuil aon eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo ag Stáisiún na nGardaí i dTamhlacht nó glaoch a chur ar 01 666 6000, go háirithe i gcás daoine a bhfuil ábhar daischeamara acu.
Idir an dá linn, tá drochbhail ar chosaí (pedestrian) sna daichidí tar éis d’fheithicil é a bhuaileadh i gCathair Phort Láirge (Waterford City) ar Dé hAoine.
Tharla sé ag acomhal An Ghleanna (The Glen) agus Baile Uí Bhricín (Ballybricken) thart ar 11.45am.
Gortaíodh an fear go dona, agus tugadh go hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh é áit a ndeir Gardaí go bhfuil sé i riocht criticiúil.
Níor stop an tiománaí sa gcás sin ach an oiread.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.