Labhair na Rolling Stones faoi albam nua atá acu, a bheidh amach an mhí seo chugainn – a gcéad albam stiúideo de bhuncheoil (original music) ó 2005 i leith.
Beidh Bill Wyman, Lady Gaga agus a drumadóir Charlie Watts, nach maireann, a fuair bás i mí Lúnasa 2021, le cloisteáil ar an albam nua freisin.
Eiseofar Hackney Diamonds an 20 Deireadh Fómhair.
Dúirt Keith Richards le Jimmy Fallon: ‘Ó tharla go bhfuil Charlie imithe tá sé difriúil, bhí seisin ar ár uimhir a ceathair.
‘Tá sé ar iarraidh, ar ndóigh, is mór an chailliúint é.’
Tá 12 traic ar an albam agus taifeadadh dhá cheann acu in 2019 le Watts.
Beidh Lady Gaga le cloisteáil freisin. Dúirt Ronnie Wood: ‘Canann Lady Gaga go binn ar Sweet Sound Of Heaven.’
Tá Wyman, a bhí mar bassist don bhanna ó 1962 go 1993, ar cheann de na hamhráin.
Dúirt Jagger: ‘D’iarramar ar Bill teacht isteach agus traic amháin a dhéanamh le go mbeadh an bunlíne (original line-up) againn ar aon amhrán amháin.’
Ba é albam deireanach an bhanna d’ábhar nua, A Bigger Bang, in 2005. Ba é Blue & Lonesome an albam stiúideo deireanach ón bhanna, a eisíodh in 2016, agus bhí clúdaigh amhráin na ‘blues’ ann.
Is seanfhocal oirthear Londain é an frása Hackney Diamonds maidir le gloine briste agus tagraíonn sé go sonrach do ghloine briste ón uair a bhristear fuinneoga isteach le linn robála.
Agus é ag míniú teideal an albaim nua, dúirt Richards: ‘Bhí muid ag casadh smaointe thart le haghaidh teidil agus chuaigh muid ó Hit And Run go Smash And Grab agus tháinig muid suas le Hackney Diamonds, a bhfuil baint aige an dá rud leis agus is banna ceoil Londain muid. ‘
Nocht an banna an chéad singil ón albam, Angry, agus léirigh siad an físeán don rian den chéad uair, ina bhfuil an t-aisteoir Sydney Sweeney, a bhfuil aithne uirthi as a róil in Euphoria agus The White Lotus.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.