Tá tionscnamh nua tosaithe ag na Gardaí ag dírú ar ‘boscaí bréagacha (TV dodgy boxes)’, de réir tuairisce san Irish Independent.
Tá rabhaidh dlí á gcur amach i seacht gcontae, a deir an tuarascáil.
Is cion (offence) é faoi dhlí na hÉireann ‘dodgy box’ a bheith agat, a úsáid nó a dhíol faoin Acht Cóipchirt 2000.
D’fhéadfadh fíneálacha suas le €127,000 nó pianbhreitheanna príosúin suas le cúig bliana a bheith mar thoradh air.
Ciontaíodh fear i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin na bliana seo agus pianbhreith air as boscaí Android a dhíol.
Tagann an gníomh ó na Gardaí tar éis éilimh na n-údarás gur cuireadh deireadh le roinnt oibreoirí boscaí bréagacha (dodgy boxes) níos luaithe i mbliana, de réir an tuairisc san Irish Independent.
Is iad na contaetha atá á ndíriú faoi láthair ná Corcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Laois, Lú, Maigh Eo agus Muineachán.
Deir an Federation Against Copyright Theft, go bhfuil siad ag obair leis na Gardaí ar an scéal.
Is gléas é bosca bréágach ar féidir leis rialuithe cóipchirt teilifíse pá a sheachaint go mídhleathach.
Díolann daoine aonair ar fud na tíre iad. Tugtar ‘bosca Android’ orthu go minic freisin. Díolann daoine cóid chun dul leo freisin, chun rochtain (access) a fháil ar spórt, ar scannáin agus ar ábhar teilifíse eile atá sruthaithe (streaming) go mídhleathach.
Fuarthas amach i dtuarascáil de chuid an Aontas Eorpaigh ar Theilifís Phrótacail Idirlín Neamhdhleathach (Illegal Internet Protocol Television, IPTV) in 2019 go bhfuil an séú úsáid is airde san AE as boscaí bréagacha ag Éirinn.
Bhí 171,000 duine, nó 5.1% den daonra, ag úsáid na seirbhíse, de réir an tuarascáil.
Is minic a thógtar an t-ábhar ar boscaí bréagacha ó ón Meán-Oirthear nó na Stáit Aontaithe, áit a bhfuil siad ceaptha a bheith faoi ghlas go geografach faoi shrianta cóipchirt (copyright).
Tá na Gardaí seo ag díriú go príomha ar dhaoine aonair a dhíolann boscaí bréagacha, in ionad le húinéirí tí a úsáideann iad.
Dúirt urlabhraí thar ceann na ngardaí go bhfuil ‘roinnt imscrúduithe beo ar roinnt ábhar atá os comhair na gcúirteanna faoi láthair ag Aonad Coireachta um Maoin Intleachtúil Bhiúró Náisiúnta an Gharda um Imscrúdú Coiriúil (Garda National Bureau of Criminal Investigation, GNBCI) ach ‘nach féidir sonraí sonracha a sholáthar faoi chúrsaí atá os a chomhair na cúirteanna nó faoi réir imscrúdaithe choiriúil’ faoi láthair..
Go ginearálta bhí ionchúisimh i gcoinne daoine aonair a dhíolann boscaí Android, nó na cóid chun rochtain (access) a thabhairt d’úinéirí boscaí ar theilifís, spóirt agus scannáin.
I mí Aibreáin, fuair teicneoir deartha ríomhaire (computer design technician) atá 38 bliain d’aois as Tamhlacht, Baile Átha Cliath, pianbhreith 240 uair an chloig de sheirbhís pobail as boscaí Android a dhíol le 150 custaiméir, ag gearradh €12 in aghaidh na míosa orthu as cóid chun féachaint ar ábhair theilifís, spóirt agus scannáin de bhreis is 4,000 cainéal.
Guair an fear €20,000 mar gheall ar an sárú cóipchirt, rud a fuair an chúirt ar ais.
Lorgaíodh an fear trí chuideachta a chláraigh sé leis na seirbhísí díolacháin.
Bhí na boscaí Android ceannaithe aige féin ar Alibaba.com.
I mí na Bealtaine, fuair cúigear sa Bhreatain pianbhreitheanna príosúin suas le 11 bliain an ceann as líonra sruthú bosca bréagach a reáchtáil le 50,000 custaiméir míosúil. Tugadh Flawless, Shared VPS agus Optimal ar na seirbhísí a bhí i gceist.
Ba é Premier League i Sasana a bhí i gceannas ar an gcás, agus is minic a bhíonn a gcuid cluichí mar phríomhspreagadh do dhíolacháin bhoscaí bréagacha.
Tá ordú dlíthiúil faighte ag an bPríomhroinn in Éirinn a éilíonn seirbhísí idirlín chun bac a chur ar shruthanna mídhleathacha cluichí peile ar líne.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.