Insíonn daltaí faoi chiapadh gnéis ó mhúinteoirí

Tugann tuarascáil nua sonraí faoi chiapadh gnéis agus na bealaí éagsúla a bhaineann múinteoirí mí-úsáid as a seasamh le daltaí

Tá tuarascáil nua ag cuir síos ar ciapadh gnéis ar dhaltaí meánscoile ag múinteoirí, de réir tuairisce san Irish Independent.

Socraíodh sa staidéar chun fáil amach conas a chaitear le daltaí agus iad ina n-íospartaigh de chiapadh gnéis.

San áireamh tá daltaí in Éirinn agus sa Bhreatain agus ghlac gach ceann de na 593 freagróir – lena n-áirítear 224 Éireannach – páirt toisc go raibh taithí acu ar mhí-iompar de chineál éigin ag múinteoir sa mheánscoil.

Insíonn daltaí faoi chiapadh gnéis
Insíonn daltaí faoi chiapadh gnéis

Ar an ábhar sin ní thugann an tuairisc figiúr cruinn ar an méid daltaí bhí ina n-íospartaigh – ach tugann sé léargas ar an méid a tharla dóibh.

D’inis na scoláirí – baineannaigh don chuid is mó – faoi thuairimí suaracha agus gnéasúla ó mhúinteoirí fireanna den chuid is mó.

Fiafraíodh de chuid acu dul amach le múinteoirí, tagraíodh do dhaoine eile go míchuí agus tugadh ‘cailín dána’ ar daoine eile.

B’éigean do chuid acu tarraingt siar ó ghníomhaíochtaí mar gheall ar an eachtra, de réir an tuairisc san Independent.

Ollscoil Greenwich a rinne an stáidéar le tacaíocht ó Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Massey, agus Scoil Leighis Brighton agus Sussex.

sex harassment 1

D’fhulaing 72% de na mic léinn Éireannacha a ghlac páirt sa suirbhé ciapadh gnéis ó múinteoir – lena n-áirítear tráchtanna a dhéanamh faoi dhalta nó a ghníomhaíocht ghnéasach, agus iarracht ar chúrsaí gnéis a phlé le dalta.

Dúirt bean Éireannach amháin nuair a bhí sí 14 bliana d’aois, gur gnách le múinteoir ‘a rá i gcónaí mura mbeinn ina dalta bheadh rudaí an-difriúil eadrainn’.

Dúirt duine eile nuair a bhí sí 17, rinne múinteoir fireann iarracht í a phógadh ag ócáid shóisialta.

Dúirt sí: ‘Agus é ag damhsa, rug sé ar mo thóin agus ansin rinne sé iarracht mé a phógadh. Rith mé amach chuig mo chairde, agus rinne muid gáire faoi.

‘Níos déanaí ligh sé mo mhuineál nuair a bhí muid go léir ag ól shots ag bord. Ag an am cheap mé gur magadh a bhí ann, ach bhí mé 17.

sex harassment Rape 768x448 1

‘Bhí sé uafásach, agus smaoiním air go fóill, agus cuireann sé mo chraiceann ag sní isteach,’ a dúirt an mac léinn.

Dúirt príomhúdar an tsuirbhé, Kate Dawson, léachtóir le Síceolaíocht in Ollscoil Greenwich, go léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil ‘traenáil ar leith de dhíth ar mhúinteoirí áirithe maidir le cad is iompar cuí agus míchuí ann’.

Dúirt sí gur réamhchinntí iad seo agus gur gá iad a imscrúdú tuilleadh.

Mná óga ba ea beagnach 90% de na freagróirí, a thuairiscigh go ndearna múinteoir fireann ina scoil ciapadh gnéis ar ócáid amháin ar a laghad, agus tharla beagnach gach cás ar thailte na scoile, a dúirt an tuarascáil. Ba fhir iad thart ar 90% de na múinteoirí a bhí i gceist, ba mhná iad 8%, agus d’fhulaing 2% ciapadh ó mhúinteoir fireann agus ó mhúinteoir baineann nó ó mhúinteoir nár luaigh a inscne.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram