Beidh triail choiriúil Donald Trump as a chuid iarrachtaí torthaí toghcháin 2020 a chur ar ceal ar siúl roimh thoghchán na bliana seo chugainn.
Tá an triail socraithe don 4 Márta 2024, a rialaigh an breitheamh cónaidhme (federal judge) a bhí i gceannas ar an gcás i Washington Dé Luain.
Chuir sé seo fearg ar Trump a rinne iarracht moill a chur ar an gcás ar feadh na mblianta, nó ar a laghad go dtí tar éis an toghcháin.
Ciallaíonn an sceideal a shocraigh breitheamh cúirte dúiche na Stát Aontaithe Tanya Chutkan gurb é an chéad triail ag Trump i gcoinne ionchúisitheoirí agus an t-abhcóide speisialta Jack Smith faoi frithbheartaíochta toghcháin.
Agus tiocfaidh sé le linn na ‘Primaries’.
Ciallaíonn an dáta go mbeidh Trump sa teach cúirte feidearálach i Washington ag tosú an lá roimh Super Tuesday de ‘Primaries’ na Poblachta.
Dúirt Chutkan go mbeadh ar Trump, cosúil le cosantóir coiriúil ar bith eile, glacadh le dáta na trialach agus an sceideal.
Mhínigh an breitheamh freisin go bhfuil an tAcht um Thriail Thapa, a éilíonn cásanna coiriúla a chur chun trialach laistigh de 70 lá ón díotáil, ann chun ní hamháin Trump a chosaint ach leas an phobail maidir le riarachán tráthúil an cheartais a chinntiú.
‘Tharla na himeachtaí ba chúis leis an gcás seo ag deireadh 2020 agus tús 2021. Má bheartaítear triail a bhaint as an gcás seo thar cúig bliana ina dhiaidh sin tá baol ann nach mbeidh fáil ar fhinnéithe nó go gclisfidh ar a gcuimhní,’ a dúirt Chutkan.
‘Is é an príomhchúram atá orm anseo, mar atá sé, i ngach cás, leas an cheartais agus go bhfuil cothromú déanta agam ar cheart an chosantóra ullmhú mar is ceart.’
Phléadáil Trump neamhchiontach níos luaithe an mhí seo as cúisimh a comhdaíodh sa chúirt dúiche fheidearálach i Washington go ndearna sé comhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, go ndearna sé comhcheilg chun bac a chur ar imeacht oifigiúil, gur chuir sé bac ar imeacht oifigiúil agus go raibh sé i mbun comhcheilg i gcoinne cearta.
D’iarr an t-iar-uachtarán roimh an éisteacht go ndéanfaí an triail i mí Aibreáin 2026.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.