Gheobhaidh na dáilcheantair (constituencies) ceann de na hathruithe is radacaí riamh tar éis do thuairisc teacht amach an tseachtain seo. Agus beidh airí agus TDeanna eile faoi bhrú.
Tá eagla ar dhaoine, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar pháirtithe níos lú, go rachaidh cruthú toghcheantair nua le trí shuíochán chun tairbhe (benefit) a gcuid iomaitheoirí móra.
Tabharfaidh an Coimisiún Toghcháin, comhlacht a bunaíodh i mBealtaine na bliana seo, tuairisc Dé Céadaoin ar cé mhéad TD breise atá ag teastáil.
D’fhéadfadh líon na dTeachtaí Dála sa chéad Dáil eile ardú chomh mór le 21 ó 160 go 181 mar fhreagra ar mhéadú sa daonra.
Chun freastal ar na Teachtaí Dála breise, is dócha go n-athróidh gach ceann de na 39 toghcheantar sa tír.
Is é sin toisc go gcinnfidh an Coimisiún freisin cad iad na hathruithe a dhéanfar ar na dáilcheantair – agus d’fhéadfadh na cinntí sin dochar a dhéanamh don seans atá ag go leor Teachtaí Dála teach ar ais.
Cheana féin tá tuairiscithe ag ExtraG.ie go bhfuil deacrachtaí le sárú ag airí an Chomhaontais Ghlais sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar na hathruithe atá ag teacht isteach.
Ceaptar go mbeidh fadhb ag Eamon Ryan agus Catherine Martin, mar shampla.
Chun daonra na hÉireann atá ag dul i méid a chur san áireamh, tá sainchúram tugtha don Choimisiún idir 11 agus 21 suíochán breise a chruthú.
Thabharfadh sé seo líon na dTeachtaí Dála sa 34ú Dáil go dtí idir 171 nó 181. Ba é seo an chéad uair a tháinig méadú ar líon na dTeachtaí Dála ó 1981 i leith.
Is é sin an ‘leasú is tábhachtaí ar an gcóras toghcháin le na blianta’, a dúirt an Coimisiún.
Ó mhí na Bealtaine, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar gach toghcheantar mar gheall ar Airteagal 16 den Bhunreacht, a cheadaíonn TD amháin in aghaidh 20,000 go 30,000 duine.
Caithfidh siad a chinntiú freisin go bhfanann an coras beagnach mar a chéile ar fud na tíre.
Ceaptar go mbeidh atruithe go háirithe i gCeatharlach-Cill Chainnigh, Loch Garman, Ciarraí, Tiobraid Árann agus Dún na nGall (Carlow- Kilkenny, Wexford, Kerry, Tipperary agus Donegal) , rud a fhágann go bhfuil go leor Teachtaí Dála sna contaetha seo imníoch faoin mbealach a rachaidh an Coimisiún.
Tá sé ráite ag Fine Gael leis an gcoimisiún go bhfuil ‘ocht dtoghcheantar bainte le codanna de (deich) contae in aice láimhe’. Agus deir siad go bhfuil fadhbanna ag baint le sin.
Ina measc seo tá dáilcheantar an Chabháin-Mhuineacháin, a chuimsíonn codanna de Chontae na Mí; Gaillimh Thiar, ina bhfuil codanna de Chontae Mhaigh Eo; agus Sligeach-Liatroim, ina bhfuil codanna de Dhún na nGall agus Ros Comáin.
Dúirt TD Fhine Gael Alan Farrell go gcruthaíonn sé sin fadhbanna do Theachtaí Dála atá ag iarraidh rochtain a fháil ar sheirbhísí do dhaoine, mar go gciallaíonn sé go mbíonn orthu déileáil le hiliomad údaráis áitiúla.
Dúirt TD Shinn Féin Kathleen Funchion, atá tofa i ndáilcheantar Cheatharlach-Cill Chainnigh cúig shuíochán, go gcuirfeadh go leor daoine go háitiúil fáilte roimh é a bhriseadh ina dhá dháilcheantar le trí shuíochán acu, ceann do Cheatharlach agus ceann do Chill Chainnigh.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.