Ainmníodh an ceathrar ógánach a fuair bás go tragóideach

26/08/2023

Tugann an tUachtarán Micháel D Ó hUigínn ómós den ceathrar ógánach agus déanann sé comhbhrón dá dteaghlaigh ar son an náisiúin

D’ainmnigh Gardaí an ceathrar ógánach a fuair bás go tragóideach i dtimpiste i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann ar oíche Dé hAoine mar Grace McSweeney, Luke McSweeney, Zoey Coffey agus Nicole Murphy.

Bhí an triúr déagóirí 18 mbliana d’aois agus bhí siad ag dul chuig cóisir Ardteiste. Bhí siad á dtiomáint ag Lúcás, 24 bliain d’aois, a bhí ina dheartháir níos sine do Grace.

Tá sé ráite ag an Uachtarán Michael D Ó hUigínn go mbeidh croíthe na dtuismitheoirí agus na ngaolta go léir, go deimhin an phobail ar fad, briste.

Thug an Taoiseach Leo Varadkar ómós ag rá go bhfuil ‘an náisiún ar fad ag caoineadh orthu’.

Bhásaigh an ceathrar tar éis timpiste in aice le Hillview Sports Club  ar Bhóthar an tSléibhe (Mountain Road), Cluain Meala (Clonmel)  ag thart ar 7.30pm ar Dé hAoine.

Micháel D Ó hUigínn: Ómós den ceathrar ógánach
Micháel D Ó hUigínn: Ómós den ceathrar ógánach

Tuigtear go raibh siad ag taisteal chuig bus, a bhí chun iad a thabhairt go dtí an t-ionad ina raibh an cóisir ar siúl.

Tuigtear go raibh a dtorthaí Ardteiste faighte ag na déagóirí.

Tá achainí (appeal) déanta ag na Gardaí ar dhaoine gan aon íomhánna den timpiste a roinnt ar na meáin shóisialta as meas ar na mairbh agus ar a muintir agus a gcairde.

Tá cur síos déanta ag an Aire Breis agus Ardoideachais Simon Harris ar bhás an cheathrar mar ‘bhriseadh croí’.

Dúirt sé: ‘Léiríonn lá thorthaí na hArdteistiméireachta gnóthachtáil, ceiliúradh & spleodar.

leo varadkar 1168x681 1
Leo Varadkar

‘In áit é sin tá brón agus turraing. Ag smaoineamh ar theaghlaigh, chairde & pobal scoile an cheathrar ógánach.

‘Níl focail ar bith ar féidir a rá. Briseadh croí,’ a phostáil sé ar ardán meán sóisialta X, ar a dtugtaí Twitter roimhe seo.

Dúirt Mattie McGrath, TD neamhspleách do Thiobraid Árann, go bhfuil turraing agus míchreidiúint mhór i mbaile Chluain Meala.

‘Is iad teaghlaigh áitiúil na teaghlaigh go léir atá i gceist, ó Chluain Meala agus an ceantar máguaird,’ a dúirt sé.

‘Tá sé go hiomlán tubaisteach. Tá ár nguí leis na teaghlaigh agus leis an bpobal ar fad.’

Tugadh coirp na n-íospartach go dtí Ospidéal Ginearálta Thiobraid Árann Theas le haghaidh scrúduithe iarbháis.

Bhí an carr ag taisteal síos an cnoc agus creidtear gur imigh sé ó smacht agus ar ceal. Ní raibh aon fheithicil eile i gceist.

Tá Gardaí ag iarraidh ar fhinnéithe ar bith sa timpiste teagmháil a dhéanamh leo ag Stáisiún Garda Chluain Meala.

Gardai feat new
Achainí ag na Gardaí gan íomhánna den timpiste a roinnt ar na meáin shóisialta

Iarrtar ar aon úsáideoir bóithre a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu, lena n-áirítear píosaí ceamara físe, agus a bhí ag taisteal i gceantar Bhóthar an tSléibhe idir 7pm agus 7.45pm an scannán seo a chur ar fáil do na Gardaí.

I ráiteas, dúirt Gardaí go bhfuil siad ar an eolas faoi íomhánna díreach tar éis na timpiste atá á roinnt ar na meáin shóisialta agus in aipeanna teachtaireachtaí.

Dúirt siad freisin go raibh a fhios acu freisin go raibh drone príobháideach i láthair ag láthair na timpiste.

Tá achainí (appeal) déanta ag Gardaí ar dhaoine gan aon ábhar dá leithéid a roinnt as meas ar na mairbh agus ar a muintir agus a gcairde.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin timpiste teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Chluain Meala ar 052 6177640, Líne Rúnda na nGardaí nó aon stáisiún gardaí.


Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram