Déan dearmad ar Sarah Jessica Parker ar Fifth Avenue ina Manolo Blahniks – tá stíl na hÉireann níos forbartha ná faisean Nua-Eabhrac, a deir an Rós nua.
Creideann Róisín Wiley, atá as Nua-Eabhrac, Rós Thrá Lí, go bhfuil Éire bliain chun tosaigh ar an stíl i Nua-Eabhrac.
Rinne Róisín, atá 27 bliain d’aois, a bhfuil cónaí uirthi i Manhattan agus a oibríonn i ndíolachán agus margaíocht, an dearbhú faoi stíl na hÉireann agus í ag cur tús lena céad lá ina ról nua.
Dúirt sí: ‘Sílim go bhfuil an faisean anseo tuairim is bliain chun tosaigh ar Nua-Eabhrac. Tá an claonadh againn rudaí a phiocadh suas níos déanaí.
‘Chomh maith leis sin, cé go bhfuil gach cineál siopa éagsúil ag Nua Eabhrac, is mar a chéile a bhíonn na héadaí a chaitheann na cailíní.
‘Sílim go bhfuil stíl i bhfad níos aonair ag cailíní na hÉireann.’
Nuair a fiafraíodh di an raibh sé beartaithe aici bogadh go hÉirinn dá seal mar Rós Thrá Lí, dúirt Róisín: ‘Níl a fhios agam go fóill. Táimid ag glacadh leis ó lá go lá, nó i ndáiríre ó uair go huair.’
Dúirt sí leis an Irish Daily Mail gur eispéireas ‘dochreidte’ a bhí ann an comórtas a bhuachan.
Bhreathnaigh lucht féachana ar fud na hÉireann air an clár teilifíse, agus san Astráil, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Úcráin agus sna Stáit Aontaithe freisin.
Dúirt Róisín: ‘Bhí sé dochreidte. Bhí sé Iontach mo theaghlach a fheiceáil.’
Rugadh agus tógadh a tuismitheoirí, Eddie agus Majella, i Luimneach.
Dúirt sí go raibh a tuismitheoirí agus a deartháir John tar éis eitilt as Nua Eabhrac chun féachaint ar an gcomórtas, fad is a bhí an chuid eile dá teaghlach anseo cheana féin, i Luimneach.
Dúirt sí gur chuir sí isteach ar chomórtas Rós Nua-Eabhrac in 2022, ach nár bhuaigh sí.
Mar sin féin, bhain sí an oiread sin taitneamh as an taithí go ndearna sí iarracht arís i mbliana, ag tógáil an choróin.
Mhínigh sí nár chuir sí isteach ar comórtas áilleachta (beauty contest) riamh sna Stáit Aontaithe.
Agus dúirt sí: ‘Is é seo rud iomlán difriúil, cluiche eile.
‘Shocraigh mé dul isteach ann mar gur chuala mé trácht ar Rós Thrá Lí i gcónaí, agus bhí mé ag iarraidh teach tar eolas fúm féin ag an am.
‘Bhí mé ag an am de mo shaol ina raibh an fuinneamh agam agus bhí mé ag lorg rud éigin chun mo threoir a thabhairt dom féin.’
Nuair a fiafraíodh di an raibh teachtaireacht aici do chailíní óga a d’fhéadfadh a bheith páirteach sa chomórtas, dúirt sí: ‘Is é an teachtaireacht a bheadh agam ná a bheith sásta leat féin, a fháil amach cad a chuireann áthas ort, gan a bheith buartha faoi na rudaí beaga nó faoina ndeir daoine eile.
‘Is é an rud is tábhachtaí ná conas a mhothaíonn tú, mar sin dírigh ort féin agus foghlaim níos mó faoi na rudaí a oibríonn duit.’
Is minic go mbíonn guthanna diúltacha ar na meáin shóisialta, ach dúirt Róisín nár cuireadh aon tráchtaireacht dhochrach uirthi ar líne le linn a cuid taithí.
Dúirt sí: ‘Dom féin bhí na meáin shóisialta iontach mar bhí mé in ann a rá le mo chairde agus mo mhuintir go léir mé a leanúint in éineacht le Rós Thrá Lí ar Instagram. Mar sin is rud iontach dearfach é sin, ach tá a fhios againn go bhfuil taobh dorcha ann.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.