Tá rabhadh Status Oráiste maidir le báisteach agus gaoth láidir eisithe ag Met Éireann do sheacht gcontae agus Storm Betty le bualadh oíche Dé hAoine.
Agus beidh tionchar ag an gcuid eile den tír freisin – ach ní bheidh sé chomh dona.
Buailfidh gaoth suas le 130km/u deisceart agus iardheisceart na tíre.
Táthar ag rá go bhféadfadh siad cur isteach go mór ar fhoirgnimh agus go mbeidh chrainn ag titim, a deir Met Éireann.
D’fhéadfadh go mbeidh cur isteach ar thaisteal, cailliúint cumhachta leictreachais agus tuilte i gceantair áitiúla freisin.
Tagann an rabhadh i bhfeidhm do 9pm Dé hAoine agus mairfidh an chuid is measa de go dtí 3am Dé Sathairn.
SCÉAL EILE: Réabhlóid i scoileanna Phort Láirge i gcoinne fhóin phóca
Is iad na contaetha is measa a bhuailfear ná Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Loch Garman, Cill Mhantáin, Corcaigh, Tiobraid Árann agus Port Láirge (Carlow, Kilkenny, Wexford, Wexford, Wicklow, Cork, Tipperary agus Waterford).
Dúirt Comhairle Cathrach Chorcaí go bhfuil foirne éigeandála réidh chun dul i ngleic le haon damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann ó ghaoth.
D’iarr siad ar dhaoine earraí scaoilte a cheangal, mar bhoscaí bruscair rothaí (wheelie bins), troscán gairdín agus trampailíní.
Iarradh orthu siúd atá ag obair i dtógáil a chinntiú go ndéantar a suíomhanna slán.
D’iarr siad go seachnódh daoine turais neamhriachtanacha agus dúirt siad go mbeadh orthu siúd ar gá dóibh taisteal ‘dul ar aghaidh go cúramach’.
Agus beidh tionchar ag an gcuid eile den tír freisin – ach ní bheidh sé chomh dona, a deir Met Éireann.
Beidh báisteach throm forleathan ar fud na tíre, le tuilte in áiteanna agus táthar ag súil go gcuirfear isteach ar thaisteal, de réir Met Éireann.
Is é sin toisc go bhfuil trí foláireamh ar leith maidir le Stádas Buí ann:
1. Tá Rabhadh Stádas Búi do Cheatharlach, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fhailí, Loch Garman, Gaillimh agus Cúige Mumhan (Carlow, Kilkenny, Laois, Offaly, Wexford, Galway agus Munster) i bhfeidhm ó thráthnóna Dé hAoine go dtí 3am amárach.
2. Tá Rabhadh Stádus Buí le báisteach sa Chabhán, Dún na nGall, Muineachán, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Longfort, Lú, an Mhí, an Iarmhí, Cill Mhantáin, Liatroim, Maigh Eo, Ros Comáin agus Sligeach (Cavan, Donegal, Monaghan, Dublin Kildare, Longford, Louth, Meath, Westmeath, Wicklow, Leitrim, Mayo, Roscommon agus Sligo) ó 5pm Dé hAoine go dtí 6am Dé Sathairn.
SCÉAL EILE: Rabhadh ag Gardaí do mhic léinn faoi chalaois lóistín (accommodation fraud)
D’fhéadfadh go mbeidh tuilte in áiteanna agus tonnta ag dul thar barr ar chóstaí an oirthir, a deir Met Éireann.
3. Tá Rabhadh Stádus Buí le gaotha i bhfeidhm do Chúige Laighean agus do Chúige Mumhan (Leinster agus Munster) freisin ó 9pm go dtí 6am, le gaotha suas le 110km/u tuartha.
Is í Betty an dara stoirm ainmnithe i mí Lúnasa, tar éis Storm Antoni a tharla níos luaithe an mhí seo.
Tá dhá rabhadh ann freisin maidir le gaoth agus báisteach a chlúdaíonn Tuaisceart Éireann.
1. Tá Rabhadh Stádas Buí le gaotha eisithe freisin do chontaetha Aontroma agus an Dúin (Antrim agus Down) ó 6pm Dé hAoine go dtí meán lae Dé Sathairn.
2. Tá Rabhadh Stádas Buí le báisteach do Aontroim, Ard Mhacha, An Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire (Antrim, Armagh, Down, Fermanagh, Tyrone agus Derry) ag 9pm go dtí 6am.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.