Rabhadh ag Gardaí do mhic léinn faoi chalaois lóistín (accommodation fraud)

18/08/2023

Tarlaíonn ceann amháin as gach trí chás de chalaois lóistín i mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair

Tá rabhadh eisithe ag Gardaí faoi chalaois lóistín (accommodation fraud), agus mic léinn ag filleadh ar an gcoláiste agus ar an ollscoil don bhliain acadúil nua.

Tháinig méadú 38% ar chalaois lóistín anuraidh i gcomparáid le 2021.

Cé go léiríonn figiúirí na bliana seo laghdú 8% go dtí deireadh mhí an Mheithimh, tugann gardaí rabhadh go dtarlóidh cás amháin as gach trí cinn i mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair.

Fadhbanna le íoc
Fadhbanna le íoc

Goideadh timpeall €2 mhilliún mar gheall ar chalaois lóistín le cúig bliana anuas.

Tarlaíonn chalaois lóistín nuair a íocann íospartach éarlais (deposit) agus nuair a fhaigheann siad amach go raibh an t-idirbheart calaoiseach.

Dúirt an Bleachtaire-Cheannfort Michael Cryan ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch (Garda National Economic Crime Bureau, GNECB) go bhfuil trí chineál calaois lóistín comónta ann:

1, Calaoisigh (fraudsters) ag tairiscint lóistín nach bhfuil ann.

2, Calaoisigh ag tairiscint lóistín nach bhfuil siad i dteideal a thairiscint.

3, Éarlaisí (deposits) a ghlacadh ó níos mó ná duine amháin don lóistín chéanna.

Mhol sé do mhic léinn atá ag bogadh isteach i lóistín nua: féachaint air; a chinntiú go n-oibríonn na heochracha; a chinntiú nach bhfuil aon duine eile ann cheana féin, nach bhfuil duine éigin á ligean ar foléas (subletting) agus ag imeacht leis an airgead; a chinntiú go bhfuil an mhaoin cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (Residential Tenancy Board).

Tugtar rabhadh do dhaltaí freisin a bheith cúramach faoi gach gníomhaíocht ar líne.

Fadhbanna do na mic léinn
Fadhbanna do na mic léinn

Tá liosta comharthaí rabhaidh eisithe ag an GNECB:

– Más cosúil go bhfuil an cíos ró-mhaith le bheith fíor, is dócha go bhfuil.

– Má fógraítear an lóistín ar na meáin shóisialta amháin, nó go bhfuil an duine ag dul i dteagmháil ar suíomh cumarsáid amháin mar Messenger nó WhatsApp.

– Má thagann an eolas ó theagmháil gan iarraidh ar meán sóisialta nó gur cosúil go bhfuil an teagmháil lonnaithe i dtír eile.

– Má tá práinn ann leis an éarlais a íoc.

– Má tá botúin ghramadaí nó litrithe agus beagán pictiúir den lóistín.

– Má deir an tiarna talún nach féidir leo bualadh leat chun an lóistín a thaispeáint duit go pearsanta.

– Má éilítear íocaíocht sula sínítear an léas.

– Má iarrtar ort airgead tirim, cryptocurrency nó airgead a íoc trí aistriú nach mbaineann le bainc.

Gardai1
A Garda lamp with a Garda Siochana logo seen outside Garda Station in Roundstone. On Friday, 30 April 2021, in Roundstone, Connemara, County Galway, Ireland. (Photo by Artur Widak/NurPhoto)

Moltar do mhic léinn a gcuid taighde a dhéanamh agus gan ach gníomhairí ligin (letting agents) aitheanta nó gníomhaireachtaí iontaofa tríú páirtí ar nós coláiste nó aontas na mac léinn (students union) a úsáid.

Bí cúramach faoi shuíomhanna Gréasáin clónáilte (cloned) agus seiceáil an polasaí príobháideachta, an polasaí aisíocaíochtaí agus sonraí teagmhála.

Agus íocaíocht á déanamh as lóistín, molann Gardaí:

– Bain úsáid as cárta creidmheasa chun glacadh le tairiscint lóistín.

– Ná tabhair airgead tirim ar láimh, ná aistrigh airgead trí Revolut, ná íoc le cryptocurrency, ná seol airgead chuig seoladh PayPal randamach agus ná sreang airgead ó Western Union.

– Faigh admháil agus comhaontú tionóntachta.

– Déan calaois amhrasach a thuairisciú do na gardaí agus don bhanc.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram