Tá an t-ionchúisitheoir dúiche (district attorney) baineann a thug cúisimh i gcoinne Donald Trump ag fáil ionsaithe ciníochais (racist) ar líne tar éis dó an focal ‘riggers’ a úsáid chun í a mhaslú.
Tá Fani Willis, ionchúisitheoir dúiche chontae Fulton i stát Georgia, ag ionchúiseamh (prosecuting) Trump agus 18 duine dá chomhghuaillithe (allies) as iarrachtaí toghchán 2020 a chur ar ceal. Tá Rudy Giuliani ar dhuine díobh siúd atá cúisithe le Trump
Tar éis do Willis na cúisimh a fhoilsiú, chuaigh Trump ar a ardán meáin shóisialta, Truth Social, agus d’éiligh sé go gcuirfí deireadh leis na cúisimh go léir.
Thuar sé freisin go mbeadh sé saor ó mhilleán (exonerated).
Níor luaigh sé ainm Willis, ach chuir sé cúisí ar ionchúisitheoirí as dul I gcoine na daoine coiriúla míchearta.
‘They never went after those that Rigged the Election,’ a scríobh Trump. ‘They only went after those that fought to find the RIGGERS!’
Is Meiriceánach Afracach í Willis. Is amhlaidh freisin an bheirt ionchúisitheoirí (prosecutors) atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, a rinne imscrúdú ar Trump.
Duine acu is ea an an t-ionchúisitheoir dúiche i Manhattan, Alvin Bragg, a chúisigh Trump i mí Aibreáin as líomhnaithe ‘hush-money’.
Is é an duine eile Letitia James, an t-ard-aighne stáit, atá ag fiosrú taifid airgeadais Trump.
Thacaigh lucht tacaíochta Trump láithreach leis an masla a bhí ag Trump agus iad ar ardáin i bhfad ar dheis lena n-áirítear Gab agus Patriots.win.
D’óstáil na suíomhanna na céadta post le ‘riggers’ ina gceannlínte i gcomhthéacs maslach.
Tá an focal ceangailte freisin le go leor post ar na meáin shóisialta chuig Ruby Freeman agus a hiníon Shaye Moss.
Sin iad an bheirt oibrí vótaíochta Meiriceánach Afracach ó Atlanta a cúisíodh go bréagach ag cuid de na 19 gcosantóir i gcás contae Fulton as calaois toghcháin a dhéanamh le linn chomhaireamh na vótaí 2020.
Cúisíonn an díotáil (indictment) i gcoinne comhghuaillithe Trump go rinne siad ciapadh orthu.
Tá méadú tagtha ar ghlaonna ar fhoréigean ar shuíomhanna i bhfad ar dheis ó foilsíodh na cúisimh oíche Dé Luain.
Atáirgeadh roinnt post Gab íomhánna de ‘nooses’ agus croiche (gallows) agus d’iarr go chrochfaí Willis agus baill den ardghiúiré (grand jury) a sheachadadh (delivered) na cúisimh.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.