Tá méadú tagtha ar líon na mbásanna ó thinte ar Maui i Haváí go 93, agus tá foirne tarrthála ag cuardach Lahaina de bharr tine nua.
Dúirt roinn póilíní Maui go raibh an tine nua ar lasadh i Kaanapali in iarthar Maui, soir ó thuaidh ón gceantar a dóite níos luaithe an tseachtain seo.
Agus tá sé ráite ag aturnae ginearálta Haváí go bhfuil sí ag oscailt fiosrúchán ar conas a d’fhreagair na húdaráis do na tinte.
Dúirt oifigigh chontae Maui freisin go raibh 1,418 duine ag scáthláin aslonnaithe éigeandála (emergency evacuation shelters).
‘Beidh athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh ag Roinn an Ard-Aighne (Department of the Attorney General) ar chinnteoireacht chriticiúil (critical decision-making) agus ar bhuanpholasaithe roimh, le linn, agus i ndiaidh na dtinte ar oileáin Maui agus Haváí an tseachtain seo,’ a deir ráiteas a d’eisigh oifig an Ard-Aighne Anne Lopez.
Tháinig an fógra de réir mar a tháinig méadú ar an gcáineadh ar an bhfreagra oifigiúil ar na tinte, an ceann is tromchúisí a scrois an bhaile stairiúil Lahaina.
Thosaigh an tubaiste oíche Dé Máirt nuair a thosaigh trí tine ar Maui, ar an taobh thiar den oileán.
Bhog na tinte chomh tapa sin, d’éalaigh roinnt marthanóirí (survivors) trí léim isteach san aigéan agus b’éigean don gharda cósta iad a tharrtháil.
Scrios tine Lahaina, baile ina raibh 13,000 cónaitheoir nuair a bhrú gaotha láidre tine a thosaigh san fhásra go dtí an lárionad uirbeach.
ógfaidh sé blianta agus na billiúin dollar ar an baile a atógáil, a dúirt sé.
Tá cúnamh feidearálach tugtha ag an Uachtarán Joe Biden chun cabhrú le daoine áitiúla.
Gheall sé go bhfaighidh ‘gach duine a chaill duine, nó a bhfuil damáiste nó scrios déanta ar a bhaile, cabhair láithreach’.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.