Ailliliú tá an Pep ar buile! … Féach ar Guardiola ag gearán le Haaland

13/08/2023

Fuair Haaland dhá chúl do Manchester City, bhí bua ag Arsenal ach tá Manchester United agus Liverpool fós le himirt

Le dhá chúl ó Erling Haaland bhí Manchester City chun tosaigh ag leath ama de chluiche tosaigh an tséasúir sa Permier League ach níor chuir sé sin bac ar Pep Guardiola ó bheith ag gearán le Haaland.

Scóráil Haaland cúl tosaigh an tséasúir nua tar éis ceithre nóiméad i gcoinne Burnley ag Turf Moor oíche Dé hAoine.

Pep ar buile le Halland
Pep ar buile le Halland

Agus scóráil Haaland cúl eile ansin leath bealaigh tríd an gcéad leath chun na seaimpíní a fhágáil in áit ceannais ag leath ama.

Ba léir nár leor é sin chun meon chóitseálaí na Catalóine a réiteach agus mháirseáil Pep díreach anonn go Haaland nuair a séideadh an fheadóg ag leath ama.

Bhí Guardiola le feiceáil ag tabhairt amach dá imreoir réalta agus an bheirt ag siúl amach ón bpáirc. Ansin bhrúigh Guardiola an ceamara ar shiúl óna aghaidh chun beagán níos mó príobháideachta a fháil.

Harry Kane imithe go Bayern Munich
Harry Kane imithe go Bayern Munich

Cé nár chuir Haaland lena scór sa dara leath, fuair Rodri cúl chun bua 3-0 a bhaint amach ar fhoireann Vincent Kompany.

I gcluichí móra eile sa Permier League bhuaigh Arsenal in aghaidh Nothingham Forest 2-1 tráthnóna Dé Sathairn.

Ach tá cuid de na cluichí is mó den deireadh seachtaine oscailte ar Dé Domhnaigh agus Dé Luain

Dé Domhnaigh

kloppo 1168x681 1

Brentford v Tottenham (2pm tosaíonn an cluiche): Beidh an cluiche seo beo ar Sky Sports Premier League agus ar Sky Sports Main Event. Tosaíonn an clúdach ag 1pm. Ach tá Harry Kane imithe ó Tottenham go Bayern Munich.

Chelsea v Liverpool (4.30pm tosaíonn an cluiche): Leanfaidh an chluiche seo an cluiche idir Brentford agus Tottenham ar Sky Sports Premier League agus ar Sky Sports Main Event.

Dé Luain

Manchester United v Wolves (8pm tosaíonn an cluiche): Is ar  Sky Sports Premier League agus ar Sky Sports Main Event atá an cluiche.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram