Agus toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe ag teacht, tá cainte ann go mbeidh an bheirt chéanna san iomaíocht mar a bhí in 2020: Donald Trump agus Joe Biden.
Is féidir é seo a fheiceáil sna pobalbhreitheanna (polls) a foilsíodh an tseachtain seo.
De réir pobalbhreith ó The New York Times/Sienna, tá níos mó tacaíochta á fáil ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, óna phairtí fhéin anois ná mar a bhí bliain ó shin.
Is léir gurb é Robert F. Kennedy an t-aon duine eile sa pháirtí a d’fhéadfadh dúshlán Biden a thabhairt, ach níl dóthain tacaíochta aige chun an ceann is fearr a fháil ar Biden.
I gcás an iar-Uachtaráin, Donald Trump, deir pobalbreith The New York Times/Sienna go bhfuil sé i bhfad amach chun tosaigh ar na iarrathóirí eile sa rás chun ainmniúchán (nomination) a fháil ó na Poblachtánaigh.
Tá Trump ar 54% faoi láthair, agus is é Gobharnóir Florida, Ron DeSantis, atá sa dara háit, ar 17%.
Dar le mórán, is ábhar imní é gur dócha mbeidh duine den bheirt seo ar ais sa Teach Bán.
I gcás Joe Biden, feictear go bhfuil sé ag éirí an-sean, agus beidh sé ar an Uachtarán is sine i stair na tíre má thoghtar arís é in 2024.
Meastar nach bhfuil mórán uaillmhéine (ambition) ag baint le Biden agus gurbh é rogha an dá dhíogha (lesser of two evils) é in 2020, dar leo siúd ar chuir The New York Times/Sienna agallamh orthu.
Beidh le feceáil an dtiocfaidh aon athrú ar an teachtaireacht maidir leis an ‘cath ar son anam an náisiúin’ a bhí aige san toghchán deireanach.
Ach i gcás Trump, is léir go bhfuil an-chuid cúiseanna tromchúiseacha nach bhfuil daoine sásta vóta a thabhairt dó.
Cúisíodh é (indicted) cheana féin as ucht doiciméid rúnda a thógáil as an Teach Bán go mídhleathach, agus phléadáil sé neamhchiontach Déardaoin i leith cúisimh feidearálacha mar gheall ar a chuid iarrachtaí torthaí toghchán uachtaránachta 2020 a chur ar ceal.
Tá an chéad éisteacht eile sa chás sin socraithe don 28 Lúnasa.
Chomh maith leis sin. dúirt giúiré ar an 9 Bealtaine, i gcás eile, go ndearna Trump mí-úsáid ghnéis ar E. Jean Carroll, iriseoir.
Is mar gheall ar na cásanna sin go bhfuil aighneas faoi Trump ina phairtí chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.
Tá cúiseanna polaitiúla ann chomh maith.
Is léir go bhfeictear go bhfuil an deighilt ag méadú idir an dá phairtí ó thaobh na polaitíochta de chomh maith agus go bhfuil sé ag éirí níos deacra orthu teacht ar réitigh ar fhadhbanna bunúsacha, chun go mbeadh an tír ag feidhmiú ó lá go lá.
Ní gá ach breathnú ar an aighneas a bhí ann i mí Bealtaine maidir leis an srian (limit) a bhí ar an bhfiachas náisiúnta (national debt) a ardú.
Nó, le déanaí, ar an ‘National Defense Authorization Act’, agus na Poblactánaigh ag iarraidh polasaithe sóisialta coimeádacha (conservative social policies) a chur isteach san Acht (maidir le ginmhilleadh, cine agus inscne) a mbíonn lán-tacaíocht aige ó gach pairtí de ghnáth.
Go stairiúil, déantar cúrsaí slándála (security) a phlé anseo, is mar sin a bhíonn tacaíocht forleathan aige i measc na bpáirtithe.
Ach léiríonn an cinneadh seo, a rinne grúpa amach ar an eite dheis laistigh den phairtí, na tosaíochtaí (priorities) atá acú faoi láthair.
Agus is fiú go mór trácht a dhéanamh ar an ngrúpa beag seo atá thar a bheith láidir sa pháirtí i láthair na huaire agus an chumhacht atá acu i bpolaitíocht na tíre go ginearálta.
Tugtar an ‘Freedom Caucus’ ar an ngrúpa seo: grúpa de Phoblachtánaigh i dTeach na nIonadaithe a bunaíodh in 2015.
Is mó tacaíocht a thugann siad do Donald Trump agus a chuid polasaithe, chomh maith leis an miotas (myth) gur goideadh an toghchán uaidh in 2020.
Agus cé nach bhfuil acu ach 45 cinn as 222 suíochán na bPoblachtánach sa Teach (ina bhfuil 435 san iomlán), tá an-chuid cumhachta acu mar ní bheadh na Poblachtánaigh in ann aon reactaíocht a chur tríd an Teach dá n-éagmais.
Rinneadar an chumhacht seo a thástáil i mí na Samhna, nuair a dhiúltaigh siad vóta a thabhairt don Seanadóir Kevin McCarthy (Poblachtánach) agus é ag lorg ainmniúchán óna Phairtí chun a bheith mar chathaoirleach ar Theach na nIonadaithe tar éis doibh tromlach a fháil sa Teach sna toghcháin lártéarma.
Ní raibh an ‘Freedom Caucus’ sásta vóta a thabhairt do McCarthy go dtí gur aontaigh sé leis na héilimh a bhí acu, agus, faoi dheireadh, ghéill McCarthy do na héilimh sin.
Is léir go bhfuil misneach (confidence) agus muinín acu anois, agus iad ag iarraidh tuilleadh smachta a bheith acu ar chúrsaí náisiúnta, cosúil leis an ‘’National Defense Authorization Act’’ a luaigh mé cheana.
Deirtear gurb é Trump a thug an cineál seo polaitíochta isteach sa phairtí.
Polaitíocht neamhghéilliúil (unrelenting) fhrithgníomhach dháinséareach a fheictear i bpairtí na Poblachtánach faoi láthair.
Ag iarraidh cearta an phobal LADTA+ (LGBTQ+) a shárú le dlíthe conspóideacha, agus leas a bhaint as an gcinneadh a rinne an Ardchúirt (a raibh ról ag Trump in ainmnú a breitheamh) anuraidh fáil réidh le Roe v Wade, a thug cearta ginmhillte do mhná na tíre, chun reachtaíocht choimeádach a chur sna stáit go léir agus an dul chun cinn ar fad a bhí déanta ag mná chun na cearta sin a bhunú sa chéad áit a scriosadh.
Is cosúil gurb iad seo na cineálacha ábhair a bhfuil na Poblachtánaigh ag iarraidh aghaidh a thabhairt orthu san toghchán in 2024.
Ach b’fheidir gurb é an rud is scanrúla faoi seo ná nach féidir mórán athruithe a fheiceáil laistigh den phairtí amach anseo.
Ní mór dúinn breathnú ar an duine atá sa dara áit sa rás chun ainmniúchán a fháil ó na Poblachtánaigh do 2024 chun é sin a fheiceáil.
Ron DeSantis, gobharnóir Florida, atá 44 bliana d’aois, cheap an-chuid daoine go dtiocfadh sé in áit Trump chun dul san iomaíocht don Teach Bhán ar son na bPoblachtánach an bhliain seo chugainn.
De bharr na gcásanna cúirte atá fós roimh Trump, cheap an-chuid daoine go mbainfeadh siad an tóin ó fheachtas Trump agus go mbeadh duine eile cosúil leis ag teastáil ón bpáirtí.
Nuair a fhéachaimid ní hamháin ar pholasaithe agus tuairimí DeSantis, ach ar an gcur chuige atá ag a fheachtas go dtí seo, is léir go gcreideann sé chomh maith gurb é seo an seans is fearr aige an Teach Bán a bhaint amach.
Cé gur minicgo mbíonn an t-iar-Uachtarán ag spiocadh as DeSantis go poiblí, á rá nach bhfuil bealach ar bith go mbuafaidh sé agus nach bhfuil sé fiú gar dó nuair a bhí an móiminteam aige go luath ina fheachtas, níl faic ráite ag DeSantis faoi Trump, agus is annamh (rarely) a deir sé a ainm agus é ag déanamh tagairt dó.
Measaim gurb é creidiúnt DeSantis nach mbeidh sé in ann bua a fháil ar Trump mar gheall ar an tacaíocht atá aige faoi láthair is cúis leis nach bhfuil sé ag iarraidh a bheith á cháineadh.
Féach ar na pobalbhreitheanna. Tá DeSantis ar 17% agus Trump ar 54% i measc bhaill an phairtí.
Ach ní léiríonn sin an scéal iomlán dúinn. Nuair a chuir The New York Times/Sienna baill an phairtí faoi agallamh, dúirt an-chuid daoine atá chun tús áite a thabhairt do Trump sa rás go bhfuil grá acu do DeSantis. Ach an fhadhb atá ann nach é Trump é. Deir siad go mbeadh siad breá sásta vóta a thabhairt do DeSantis muna mbeadh Trump ann, mar go bhfuil na polasaithe acu cosúil le chéile.
Taitníonn an Trumpiachas le tromlach an phairtí, agus tá sé sin léirithe ag DeSantis é fhéin. Ach, seans go dtacóidh lucht leanta Trump agus an páirtí le DeSantis munar féidir le Trump seasamh don uachtaránacht má thiteann rud tromchúiseach amach dó sna cúirteanna. Sin an t-aon bhealach do DeSantis anois. Ní fheicim go pearsanta go ngéillfidh Trump, ach tá sé deacair aon bhealach eile a shamhlú do DeSantis do 2024.
Ach níor cheart go mbeadh DeSantis ag smaoineamh ar 2024 amháin. Is fearr óg é i saol na polaitíochta (44). Tá Trump 77 mbliana d’aois, agus cé go luaitear aois Biden go minic mar míbhuntáiste, beidh ar an bPairtí Poblachtánach aghaidh a thabhairt ar aois Trump chomh maith. Ní mhairfidh Trump go deo.
Mar sin, má eiríonn le DeSantis feachtas maith a rith i gcoinne Trump gan cur as dá lucht leanúna, d’fhéadfaimis an-chuid tacaíochta a fheiceáil dó sa phairtí nuair a bheidh Trump imithe. Cinnte, tá an-chuid le déanamh aige ó thaobh díospóireachtaí poiblí (public debates) agus agallamh leis na meáin náisiúnta (national media), ach tá meas cothaithe aige i measc a chomhghleacaithe, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Deir seo an-chuid linn faoin bPairtí Poblachtánach, measaim. Feictear do na vótálaithe neamhspleácha sa tír gurb iad an bheirt is mó le rá sa phairtí ná daoine atá i gcoinne cearta LADTA, cearta ginmhillte, agus atá níos dírithe ar a múintear sna hollscoileanna (ar nós ‘critical race theory’) ná na hiarmhairtí tromchúiseacha airgeadais a bhaineann le freastal orthu. Agus, anuas airsin, pairtí atá sásta duine atá os comhair na cúirte a ainmniú chun a bheith ina Uachtarán, atá cúisithe in ‘eirí amach’ a spreagadh, agus a raibh mar aidhm aige an próiséas daonlathach aistrithe cumhachta a stopadh.
Ní hiad na vótálaithe neamhspleácha amháin atá buartha, ach daoine laistigh den phairtí chomh maith. Is iad seo na daoine atá ag ceistiú conas a d’éirigh leo a bheith sa chás ina bhfuil an pairtí faoi láthair. Pairtí atá ag cruthú deighilt sa tsochaí Mheiriceánach agus ag troid ar son cos ar bholg a dhéanamh ar daoine – agus iad seo mar phríomhpholasaithe an phairtí.
Agus ní bheidh deireadh leis nuair a bheidh Trump imithe. Tá DeSantis ag fanacht lena sheans.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.