Tá an t-iar-uachtarán Donald Trump, ag 77 bliain d’aois, ag tabhairt aghaidhe ar an bhféidearthacht pianbhreith righin príosúin má chiontaítear é.
Tá an tUasal Trump, a chaill toghchán uachtaránachta 2020 do Joe Biden, cúisithe as a bheartú a dhéanamh chun a bhua a chur ar ceal.
Is ceapaí Obama í an breitheamh a sannadh chun an cás a mhaoirsiú, Tanya Chutkan, a bhfuil aithne uirthi a bheith ina bhreitheamh dian i gcásanna eile.
Tá an tUasal Trump ag tabhairt aghaidh freisin ar théarmaí príosúin suas le 20 bliain i gcás na ndoiciméad rúnda a choinneáil.
Faoi dhlí na Stát Aontaithe, ní chuireann aon rud cosc ar dhuine ó bheith ag dul le haghaidh oifig má tá cúisimh choiriúla i ndán dóibh, nó fiú má tá siad i bpríosún.
Ar ndóigh ní chiallaíonn sé sin go mbeadh vótóirí ag iarraidh tacaíocht a thabhairt d’iarrthóir dá leithéid.
Bhí ar a laghad beirt tar éis dul le haghaidh uachtarán le ciontú coiriúil roimhe seo – an t-iarrthóir sóisialach Eugene Debs i 1920, ciontaithe thar óráid frith-chogaidh 1918; agus an comhcheilg (conspiracist) Lyndon LaRouche, a ciontaíodh i gcalaois, a bhí i bpríosún feidearálach i Minnesota nuair a sheas sé chun a bheith mar uachtarán i 1992.
Chaill an bheirt a gcuid toghcháin ach fós ciallaíonn sé sin gur féidir le Trump seasamh arís.
Tá sé molta ag roinnt anailísithe go bhféadfadh an tUasal Trump iarracht a dhéanamh pardún a thabhairt dó féin dá gciontófaí é agus go mbuafadh sé an toghchán ansin.
Tá an cás féideartha seo gan thástáil ag dlí na Stáit Aontaithe, rud a chiallaíonn go bhféadfadh go mbeadh ar an gCúirt Uachtarach idirghabháil a dhéanamh.
B’fhéidir go ndéanfadh sé iarracht freisin an cás a dhíbhe (dismiss) dá dtoghfaí ina uachtarán é fad a bhí sé fós ar siúl.
Dúirt iarrthóir iomaíoch amháin d’ainmniúchán na bPoblachtánach, iar-ghobharnóir Arkansas Asa Hutchinson, le NBC go raibh an dá chás indéanta ach dúirt sé nach raibh an féin-phardún ‘mar atá beartaithe ag an mbunreacht’.
Dúirt sé freisin go mbeadh a leithéid d’aistriú ‘mí-oiriúnach’ agus ‘neamhchosúil’.
Ach ní chuirfeadh cúrsaí mar sin isteach ar an Uasal Trump
Mar sin féin, gheall ar a laghad duine amháin d’iomaitheoirí an Uasail Trump, Vivek Ramaswamy, pardún a thabhairt don Uasal Trump má thoghtar ina uachtarán é.
Agus dúirt a phríomh-chomhraic Poblachtach, Ron DeSantis, le CNN nach mbeadh sé ‘go maith don tír’ go rachadh an tUasal Trump chun príosúin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.