Tá cead tugtha ag cúirt sa Rómáin do Andrew Tate a bheith saor ó braighdeanas baile (house arrest).
Tá Tate, a bhfuil tionchar láidir aige ar fhir óga ar fud an domhain, ag fanacht le triail maidir le cúisimh a bhaineann le dúshaothrú gnéasach (sexual exploitation) ar mhná, agus mná a thabhairt isteach i dtír ionas gur féidir iad a úsáid chun gnéas a dhíol.
De réir na cúisimh líomhnaítear gur thógadh mná go foirgnimh (building), go ndearnadh dúshaothrú gnéasach (sexual exploitation) orthu agus go ndearnadh foréigean fisiceach (physical violence) orthu.
Tá bród ar Tate cheana féin gur ‘misogynist’ é.
Dúirt an chúirt nach bhfuil sé anois ach faoi rialú breithiúnach, agus go mairfidh sé sin go dtí an 2 Deireadh Fómhair.
Mar sin féin, ciallaíonn sé anois go bhfuil sé saor ó braighdeanas baile.
Cúisíodh Tate agus a dheartháir Tristan, a bhfuil mar saoránaigh na Stát Aontaithe agus na Breataine, i mí an Mheithimh mar aon le beirt bhan as an Rómáin a raibh amhras orthu faoi gháinneáil ar dhaoine (human trafficking), faoi éigniú (rape) agus as drong coiriúil a chruthú.
Tá na líomhaintí séanta at Tate agus na daoine eile.
Faoin mbeart nua, is féidir leis na ceithre amhrastach an teach a fhágáil, ach níl cead acu Búcairist agus an ceantar máguaird a fhágáil.
Caithfidh siad seiceáil isteach go rialta leis na póilíní. Tá cosc orthu freisin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil leis na híospartaigh líomhnaithe (alleged victims).
Tar éis dó an saoirse a fhail chun fánaíocht timpeall Búcairist saor in aisce, d’éiligh Tate go raibh daoine ag insint bréaga faoi na rudaí a deirtear go rinne sé.
Líomhain gníomhaireacht choiriúlachta frith-eagraithe na Rómáine (Romania’s anti-organised crime agency), áfach, gur bhunaigh an ceathrar cosantóirí grúpa coiriúil (crime group) in 2021 ‘chun coir gáinneála (trafficking) ar dhaoine a dhéanamh’ sa Rómáin chomh maith leis na Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain.
Tá cosantóir amháin cúisithe as bean a éigniú (rape) faoi dhó i mí an Mhárta 2022, de réir an ráitis.
Sa Bhreatain, tá ceathrar ban ón mBreatain in éileamh sibhialta (civil claim) le haghaidh damáistí i gcoinne Tate, ag líomhain go raibh siad ina n-íospartaigh (victims) ar ionsaí gnéis agus fisiceach a rinne sé.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.