Tá foláireamh tugtha ag iar-mhéara Bhaile Átha Cliath faoin imní atá ag dul i méid faoi fhoréigean inár sochaí tar éis d’fhear bás a fháil in ionsaí i mBaile Átha Cliath.
Fuair an fear a bhí ina 30idí gortuithe tromchúiseacha nuair a ionsaíodh é ar Bhóthar Chnoc an Uidhrín (Larkhill Road) i Whitehall ar thaobh thuaidh na cathrach ag thart ar 4.30am Dé Domhnaigh.
Tuairiscíodh an eachtra roimhe seo mar eachtra ‘road rage’ a bhain le gluaisteán agus le ghluaisrothar.
Creidtear gur tharla an eachtra nuair a chuas ar ghluaisrothar chun carr a sheachaint agus gur bhuail tiománaí an ghluaisrothair an fear a bhí sa charr ansin.
D’fhág an tiománaí gluaisrothair an láthair ansin, de réir tuairiscí.
Fuair an fear bás ina dhiaidh sin óna ghortuithe tráthnóna Dé Máirt. Bhí sé ag fáil cóireála in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath.
Dúirt comhairleoir an Lucht Oibre agus iar-Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Alison Gilliland go bhfuil sé ‘deacair dul i ngleic’ leis an bhfíric gur tharla an ‘eachtra uafásach’ sin ar ‘gnáthbhóthar, ciúin’.
Dúirt sí leis an Irish Independent go bhfuil níos mó i gceist le réiteach a fháil ar cheist na sábháilteachta sa phríomhchathair ná ‘gardaí a bheith ar na bóithre’.
Dúirt sí go gcaithfear ceisteanna a chur maidir le ‘leibhéal an fhoréigin sa tsochaí’ agus cad iad na bearta atá riachtanach chun cosc a chur ar dhaoine ionsaithe den sórt sin a dhéanamh.
Tá imscrúdú Garda ar an eachtra ar siúl agus tá siad ag iarraidh ar aon fhinnéithe air a labhairt leo.
Tá fonn ar Ghardaí labhairt le haon úsáideoirí bóithre a bhféadfadh aon phíosa scannáin a bheith acu, lena n-áirítear dash-cam, den eachtra agus a bhí ag taisteal i gceantair Bhóthar Chnoc an Uidhrín agus Ascaill Uí Choileáin (Collins Avenue) i mBaile Átha Cliath 9 idir 1am agus 6am Dé Domhnaigh, 30 Iúil.
Rinneadh scrúdú teicniúil ar an láthair tar éis na heachtra.
Táthar ag caitheamh leis an scéal faoi láthair mar ‘ionsaí tromchúiseach’ ar feitheamh thorthaí an scrúdaithe iarbháis.
Táthar ag súil go gcinnfidh torthaí iarbháis an ndéanfar an t-imscrúdú ar bhás an fhir a uasghrádú go fiosrúchán dúnbhásaithe.
Tuigtear, áfach, go bhfuil na hacmhainní ar fad a bhaineann le fiosrúchán dúnbhásaithe curtha ar fáil cheana féin do ghardaí imscrúdaithe.
Tá an t-imscrúdú fós ar siúl ag Stáisiún na nGardaí Sheantraibh (Santry) faoi stiúir oifigeach sinsearach imscrúdaithe. Tá oifigeach idirchaidrimh teaghlaigh ceaptha freisin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.