Thug Henry Shefflin le fios do bhord chontae na Gaillimhe go bhfuil sé sásta síneadh a chur lena théarma mar bhainisteoir sinsear iomána an chontae níos faide anonn an séasúr seo chugainn.
D’aontaigh Shefflin téarma trí bliana mar bhainisteoir na Gaillimhe nuair a ainmníodh é mar chomharba (successor) Shane O’Neill i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus tá an iar-réalta iomána Chill Chainnigh chun an bhliain atá fágtha den téarma sin a chríochnú in 2024.
Go dtí seo faoi Shefflin, tá dhá chluiche ceannais Laighean caillte ag Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh ach chuaigh siad ar aghaidh ansin chun cluichí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach in 2022 agus 2023.
Mar sin féin, bhí Luimneach ró-mhaith dóibh ar an dá ócáid sin.
Dheimhnigh cathaoirleach CLG na Gaillimhe Paul Bellew go mbeidh Shefflin ag fanacht san áit don séasúr seo chugainn agus go bhfuil an dá thaobh anois ag féachaint leis an téarma a shíneadh isteach i séasúr 2025.
Bheadh gá le aon síneadh ama atá a chur lena théarma a chur os comhair chruinniú den choiste contae.
Dúirt Bellew i ráiteas: ‘Tá Henry ar bord don bhliain seo chugainn agus táimid ag féachaint lena leathnú amach anseo.
‘Tá sé tugtha le fios ag Henry go bhfuil sé toilteanach chuige sin agus to muidne freisin, mar sin is ceist é anois teacht ar chomhaontú atá inghlactha go frithpháirteach.
‘Ach is iontach an rud é go bhfuil sé ar bord agus leanfaidh sé leis an obair atá déanta aige go dtí seo.
‘Bheadh súil againn go mbeadh sé ar fad curtha le chéile do chruinniú Lúnasa den choiste contae.
Tá Henry ar bord don bhliain seo chugainn agus táimid ag féachaint lena leathnú amach anseo’
Cathaoirleach CLG na Gaillimhe Paul Bellew
‘Tá na ceithre phost bainisteoirí –Faoi-17 agus Faoi-20 sa pheil agus san iomáint – ar fad oscailte chomh maith, toisc go bhfuil gach ceann de na bainisteoirí tagtha chuig deireadh a dtéarma.’
Dheimhnigh Bellew freisin go bhfanfaidh Pádraig Joyce i gceannas ar scuad peile sinsear an chontae do 2024.
SCÉAL EILE: Ná bac le gearán, is é Gough ár réiteoir is fearr, a deir Brolly
Sin an dara séasúr de chomhaontú trí bliana a aontaíodh tar éis do pheileadóirí na Gaillimhe cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach in 2022.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.