D’fhógair Dessie Farrell an captaen James McCarthy mar ‘an t-imreoir is fearr a bhí againn riamh’.
Déanfaidh McCarthy iarracht áit a ghlacadh i stair CLG Dé Domhnaigh trí bheith ar dhuine den chéad triúr imreoirí a bhuafaidh naoi mbonn Chraobh na hÉireann.
Is iad a chomhpháirtithe Stephen Cluxton agus Michael Fitzsimons an bheirt eile.
Ach tá ómós speisialta tugtha ag Farrell don Chaptaen McCarthy.
‘Is imreoir speisialta é. Is dócha gurb é an ceann is fearr a bhí againn riamh,’ a dúirt bainisteoir Bhaile Átha Cliath.
‘Tá sé “all in”. Is faoin bhfoireann atá sé. Is é an duine is “low maintenance” is féidir leat teacht air.
‘Gach lá bíonn sé mar leon amuigh ansin. Déanfaidh sé pé rud a chaithfidh sé a dhéanamh.’
Tá tuairimíocht ann go bhféadfadh cluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh a bheith ina chluiche ceannais deireadh ag McCarthy, atá 33 bliain d’aois, chomh maith le roinnt seansaighdiúir eile as Áth Cliath.
Mar sin féin, tá Farrell diongbháilte nár tharla aon chomhrá ar an ábhar sin.
D’ainmnigh Ciarraí foireann aréir a thosóidh i gcoinne Bhaile Átha Cliath, agus tháinig athrú amháin ón bhfoireann a d’imir in aghaidh Dhoire sa bhabhta leathcheannais.
Bhí tionchar mór ag Stephen O’Brien ar an gcluiche nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí sa chluiche sin, agus tosóidh sé ar Dé Domhnaigh.
Agus beidh Adrian Spillane ar an mbinse.
Tá sé ráite ag bainisteoir Chiarraí Jack O’Connor go bhfuil laoch na Dubs réidh chun iarracht a dhéanamh a bheith ina ‘immortals’ sa pheile.
Dúirt sé: ‘Ní raibh na buachaillí seo ag teacht ar ais don craic.
‘Bhí na buachaillí seo ag teacht ar ais chun Craobh na hÉireann a bhuachan.
‘Ní thagann leithéidí Cluxton agus na lads sin ar ais tar éis ocht gcinn de Chraobh na hÉireann a bhaint amach, agus iad ag smaoineamh “Arragh, tiocfaimid ar ais go ceann bliana eile”.
‘Tá siad ag iarraidh seasamh amach, ní hamháin mar an fhoireann is fearr riamh, ach freisin é a bheith soiléir go bhfuil siad i measc na n-imreoirí is fearr riamh.’
Baile Átha Cliath: Stephen Cluxton; Eoin Murchan, Michael Fitzsimons, David Byrne; James McCarthy, John Small, Lee Gannon; Brian Fenton, Brian Howard; Paddy Small, Paul Mannion, Niall Scully; Cormac Costello, Con O’Callaghan, Colm Basquel.
Binse na n-ionadaithe: Evan Comerford, Seán Bugler, Ciaran Kilkenny, Tom Lahiff, Seán MacMahon, Jack McCaffrey, Ross McGarry, Cian Murphy, Daire Newcombe, Lorcan O’Dell, Dean Rock.
Ciarraí: Shane Ryan; Graham O’Sullivan, Jason Foley, Tom O’Sullivan; Paul Murphy, Tadhg Morley, Gavin White; Diarmuid O’Connor, Jack Barry; Dara Moynihan, Seán O’Shea, Stephen O’Brien; Paudie Clifford, David Clifford, Paul Geaney.
Binse na n-ionadaithe: Shane Murphy, Adrian Spillane, Brian Ó Beaglaoich, Mike Breen, Barry Dan O’Sullivan, Ruairí Murphy, Micheál Burns, Killian Spillane, Dylan Casey, Donal O’Sullivan, Ronan Buckley.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.