Chuala muid cheana féin faoi ‘soar losers’ ach cad faoi ‘soar winners’? Tá na meáin spóirt Astrálacha ar buile le captaen Mná na hÉireann Katie McCabe.
Cé gur bhuaigh siad a gcluiche in aghaidh na hÉireann, thárla sé tar éis dóibh pionós bog a bhuachan.
Agus toisc go bhfuil siad ar cheann de na foirne a bhfuiltear ag tuar go mbuafaidh siad Corn an Domhain, agus gurb é seo an chéad uair d’Éirinn na cluichí ceannais a bhaint amach, níl siad sásta.
Ach in ionad fuinneamh agus diongbháilteacht na hÉireann a mholadh rinne na meáin san Astráil iarracht carachtar an réalta Éireannach Katie McCabe a ionsaí.
Tá cur síos déanta ag meáin amháin san Astráil ar chaptaen na hÉireann mar ‘Namhaid Phoiblí Uimhir a hAon’ tar éis chluiche Chorn an Domhain Déardaoin idir an dá thaobh.
Rinne ball eile de na meáin cur síos ar Katie mar ‘petulant’ le linn clúdach ar chluiche Ghrúpa B.
Mhol go leor tíortha eile réalta na hÉireann as a cuid feidhmíochta in aghaidh na Matildas, ainneoin gur tháinig an Astráil amach as le bua 1-0.
Bhí baint ag réalta Arsenal McCabe le roinnt dúshlán láidre le linn an chluiche agus bhí sí in aghaidh Hayley Raso ón Astráil, a bhí chomh dian céanna léi, mar a dúirt roinnt tuairisc.
Bhí ar McCabe, atá 27 bliain d’aois, fiú cóireáil (treatment) a fháil agus bhí orthu a méar (fingers) a téipeáil le chéile.
Dúirt news.com.au: ‘Tá captaen na hÉireann Katie McCabe tagtha chun cinn mar namhaid poiblí na hAstráile tar éis di dul i ngleic le roinnt imreoirí Matildas, le linn an chluiche a chaill na hÉireann 1-0 san Astráil.’
Agus ansin d’aontaigh iar-chúl báire idirnáisiúnta Shasana, Karen Bardsley leis na meáin san Astráil i gcoinne chaptaen na hÉireann.
Chuir sí síos ar Katie mar ‘petulant’.
‘Tá gné den pheitulance anseo ó Katie McCabe,’ a dúirt sí leis an BBC. ‘Tá na dúshláin seo uaithi tar éis dul i méid anois.
‘Tá freagracht ar an réiteoir na cásanna sin a bhainistiú. Is cinnte nach dteastaíonn uainn aon duine a fheiceáil sínte nó curtha as.’
Mar sin féin, ní raibh tuairimí eile i Sasana chomh frith-Éireannach. Luaigh óstach ITV Laura Woods roinnt fíricí faoin méid a tharla ar an bpáirc.
Ag labhairt di faoi Katie, dúirt sí: ‘Ag pointe amháin d’imigh sí síos, bhí a méar sáinnithe aici, níl aon rud chun í a stopadh, an ea?’
Agus thuig sí gur cath a bhí ann don liathróid idir beirt imreoirí a bhí ag éirí as a chéile agus imreoirí diana.
Dúirt Woods, ag leath ama: ‘Táim ag súil go mór lena fheiceáil cad a tharlóidh sa dara leath idir an bheirt seo, a fhad is nach ndéanfar dochar d’aon duine acu!’
Ar an dea-uair, d’ainneoin na ndúshlán diana a bhí uirthi tháinig McCabe – agus a comhghleacaithe – chun cinn gan an iomarca gortaithe agus iad réidh don chéad chluiche mór eile.
Ar an gCéadaoin, leanfaidh Éire lena bhfeachtas Corn an Domhain i gcoinne Cheanada, foireann a bhfuil aithne chomh maith orthu a bheith dian.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.