Tá titim mhór tagtha ar líon na ndaoine atá ag íoc a ceadúnais teilifíse (TV licence) ó tús an scannal in RTÉ, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.
Léiríonn figiúirí atá curtha ar fáil ag an Aire Meán Catherine Martin titim 22% ar líon na ndaoine a cheannaigh ceadúnas sa chéad seachtain de mhí Iúil.
Léiríonn siad gur íoc 5,837 níos lú daoine le haghaidh an ceadúnas thar thréimhse a théann trasna na géarchéime sa stáisiún, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Agus ciallaíonn sé sin gur chaill RTÉ beagnach €1 milliún in ioncam sa tréimhse ghearr sin.
Tagann sé seo ag am nuair atá an Rialtas ag ullmhú do phléadáil ó RTÉ ar thacaíocht ó chánacha.
Dúirt iar-aire Fhine Gael, Brendan Griffin, go léiríonn na figiúirí go bhfuil ‘géarchéim mhór mhaoinithe ann do RTÉ’ má leanann sé seo ar aghaidh.
Tháinig laghdú mór ar an líon a d’íoc an ceadúnas teilifise sa chéad seachtain de mhí Iúil. Ach bhí titim chomh maith i mí an Mheithimh i gcomparáid leis an mí chéanna anuraidh.
Chuir an tUasal Griffin ceist ar an Uasal Martin, trí cheist Dála, faoi líon na gceadúnas teilifíse nua a eisíodh agus na huimhreacha a athnuachan thar an tréimhse.
Léiríonn na figiúirí gur íocadh as 15,432 ceadúnas teilifíse i mí Iúil 2022 i gcomparáid le díreach 11,241 sa tseachtain chéanna i mbliana, sé sin titim ollmhór de 4,191.
Agus is cosúil gur thosaigh an fhadhb do RTÉ i mí an Mheithimh mar i mí an Mheithimh 2022 b’ionann díolacháin iomlán na gceadúnas teilifíse agus 75,067 i gcomparáid le 73,421 i mí an Mheithimh 2023. Sé sin 1,646.
Is ionann sin agus 5,837 thar an dá thréimhse
Cuireadh tús le conspóid RTÉ ar an 22 Meitheamh, nuair a d’admhaigh RTÉ go raibh €345,000 sa bhreis á íoc dá réalta is mó Ryan Tubridy thar thréimhse blianta.
Tá sé ráite cheana féin ag airí Rialtais gur cuireadh ar an eolas iad go raibh laghdú ar íocaíochtaí na ceadúnas teilifíse. Mar sin beidh fadhb mhór ag an ceannaire nua in RTÉ Kevin Bakhurst.
De réir tuairisce san Irish Daily Mail, dúirt aire gur iarr RTÉ ar infheistíocht €35 milliún cheana féin i mbliana mar go raibh deacrachtaí airgeadais acu.
Dúirt an t-aire: ‘Beidh bearna in airgeadas RTÉ faoin am a rachaidh sé seo i bhfeidhm. Samhlaigh an cás i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair nuair a thosaíonn na billí móra ag teacht isteach. Géarchéim a bheidh anseo.’
Dúirt an tUasal Griffin: ‘Is ionann an titim seo agus 5,837 ceadúnas teilifíse nó €933,920 agus i ndáiríre, is dócha gur tharla an titim sin tar éis briseadh an scannal seo ar an 22 Meitheamh.’
Ag labhairt dó faoin ceadúnas teilifíse níos luaithe an mhí seo, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: ‘Is bealach fíor-shean-aimseartha é ioncam a bhailiú bunaithe ar úinéireacht teilifíse, gléas nach bhfuil ag go leor daoine a thuilleadh, agus go théann beagnach an t-airgead ar fad chuig RTÉ, cé go bhfuil go leor comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le craoladh lasmuigh de chraoltóireacht seirbhíse poiblí.
‘Mar sin, sílim go bhfuil sé thar téarma athchóiriú a dhéanamh ar an gceadúnas teilifíse agus ba mhaith liom go dtarlódh sé sin le linn an Rialtais seo.’
Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.