Fear céile sa chúirt agus é cúisithe i ndúnmharú a mhná i gCorcaigh

18/07/2023

Fuarthas corp Deepa Paruthiyezhuth Dinaman ina teach cónaithe i gCorcaigh

Bhí fear atá 41 bliain d’aois ag suí speisialta de Chúirt Dúiche i gCorcaigh agus é cúisithe i ndúnmharú a mhná céile, a fuarthas marbh i dteach sa chathair ar Dé hAoine.

Cúisíodh Regin Parithapara Rajan as dúnmharú Deepa Paruthiyezhuth Dinamani, a bhí 38 bliain d’aois, in aghaidh an Dlí Coiteann (Common Law), ag Cúirt an Chairdinéil (Cardinal Court) i Wilton i gCorcaigh ar an 14 Iúil.

Fuarthas corp Ms Dinamani ina teach cónaithe i gceantar Wilton i gCorcaigh.

Is as an India ó dhúchas é Rajan agus bhí a bhean chéile Deepa Dinamani ina cuntasóir a bhí ag obair mar bhainisteoir sinsearach i seirbhísí cistí ag comhlacht atá lonnaithe i bPáirc Gnó an Aerfoirt i gCorcaigh.

i gCorcaigh
Deepa Paruthiyezhuth Dinaman i gCoraigh

Ba as Kerala i ndeisceart na hIndia é an duine nach maireann, ar máthair le mac cúig bliana d’aois é agus ní raibh ach trí mhí ina chónaí i gCorcaigh.

Tugadh Rajan is comhair shuí speisialta de Chúirt Dúiche Chorcaí ar Dé Domhnaigh.

Dúirt an Bleachtaire Garda Alan Johnson gur ghaibh sé Rajan go luath ar maidin ag stáisiún Garda An Tóchair agus chúisigh é.

Níor tugadh aon fhreagra ar an gcúiseamh.

Ós cúiseamh dúnmharaithe é sa chúirt dúiche, níor dearnadh aon iarratas ar bhannaí.

D’iarr Eoin Burke, dlíodóir Rajan go gcuirfí aon chóir leighis is gá ar a chliaint agus é faoi choinneáil

D’ordaigh an Breitheamh Olann Kelleher go ndéanfaí amhlaidh.

Ceadaíodh cúnamh dlí don chúisí freisin mar dúirt a dhlíodóir nach raibh maoin ná ioncam aige.

Cuireadh an tUas Rajan siar faoi choinneáil go suí eile cúirte Déardaoin an 20 Iúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram