Bhí ar Dave Fanning leithscéal a ghabháil ARÍS. An uair seo dúirt sé gur ghabh sé a leithscéal ‘gan agús (unreservedly)’ leis an Oireachtas as ‘ill-judged comment’ a dúirt sé ar Twitter.
Ghabh an DJ de chuid 2FM leithscéal le déanaí faoina thuairimí faoi Christy Dignam, tar éis don amhránaí Aslan bás a fháil.
Agus anois tá cur síos déanta aige ar chuma Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly os comhair choistí Oireachtais mar ‘nonsensical Oireachtas Nuremberg trial’.
Chas Tubridy agus Kelly le An Coiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee, PAC) agus le Coiste Meán an Oireachtais Oirechtas Media Committee).
Chuir Fanning tweet ar an Máirt: ‘Sílim go dteastaíonn uainn go léir “distraction” as ‘an nonsensical Oireachtas Nuremberg trial’.
Mar sin féin, thug TD de chuid an Lucht Oibre Alan Kelly le fios gur cliant de chuid gníomhaireacht Kelly é Fanning. Agus dúirt sé go raibh tuairimí Fanning ‘an-maslach’.
Agus nuair a dúirt Alan Kelly é sin, ní bhfuair sé argóint ar bith ó cheannaire nua RTÉ, Kevin Bakhurst, a bhí os a chomhair.
Dúirt Bakhurst: ‘Níl a fhios agam a chomhthéacs. An t-aon rud a déarfainn ná nach bhfuil sé oiriúnach ó mo thaobh. Sin tuairim ó fhostaí (employee) nó ó chonraitheoir (contractor) de chuid RTÉ toisc go bhfuil obair an choiste seo thar a bheith tábhachtach chun é seo a ghlanadh.’
Dúirt Alan Kelly: ‘Dá ndéarfadh polaiteoirí rud mar sin, tá a fhios agat cad a tharlódh.’
Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh Fanning ar ais ar Twitter chun leithscéal a ghabháil as na tuairimí a chuir sé sa tweet atá scriosta anois.
Dúirt sé: ‘Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil gan agús do Choiste an Oireachtais as an tuairim mhícheart a léirigh mé maidir le héisteachtaí na seachtaine seo.
‘Ní raibh sé ar intinn beag is fiú a dhéanamh de na himeachtaí.’
Tar éis bás Christy Dignam labhair Fanning faoi Christy Dignam agus faoin am ar nochtadh Christy go ndearnadh mí-úsáid air agus a astú (addiction) hearóine agus Fanning ag fiafraí de an raibh sé ‘trying to pull the wool over my eyes’.
Ina dhiaidh sin áfach, ghabh sé leithscéal freisin as é sin a rá.
• Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.