Is féidir leat dul chuig an ollscoil (university) anois gan an Ardteist (Leaving Cert) a dhéanamh

Tá athrú radacach ar an gcóras oideachais anois agus beidh deis ag mic léinn cúrsaí ollscoile a dhéanamh lasmuigh de chóras na bpointí agus an Ardteist.

Faoin gcóras oideachais, ní féidir le mic léinn an chuid is mó de chúrsaí ollscoile a dhéanamh ach amháin tar éis dóibh an Ardteist , ach tá sé sin ag athrú.

Mar sin féin, faoi rialacha nua beidh spás ann do 500 mac léinn, thar 23 cúrsa, nach n-iarrfar ar a gcuid torthaí Ardteist.

Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris: ‘Níl ann ach tús – thart ar 500 áit atá i gceist – ach is tús é.’

Beidh iarrthóirí in ann iarratas a dhéanamh go díreach ar na cúrsaí.

Ardteist
Simon Harris

Ar chuid de na cúrsaí beidh ar iarrthóirí fós an Ardteistiméireacht a bheith críochnaithe acu, ach níl aon tagairt do phointí.

Ar chúrsaí eile níl le déanamh acu ach suim a léiriú ann, agus d’fhéadfadh go mbeadh agallamh (interview) acu don chúrsa freisin.

Faoi na pleananna, cuirfidh mic léinn tús lena gcúrsa tríú leibhéal leis na Boird Oideachais agus Oiliúna (Education and Training Boards) agus ansin rachaidh siad ar aghaidh chun an cúrsa a chríochnú in ollscoil teicneolaíochta (technological university).

Dúirt an tUasal Harris: ‘Is féidir leat céim a thosú i gcoláiste breisoideachais (college of further education), bliain nó dhó a chaitheamh ansin agus a bheith cinnte gur féidir leat go huathoibríoch (automatically) an chéim a chríochnú in ollscoil.’

Dúirt sé gur chreid sé gur chuir córas na bpointí srian ar chumas (potential) go leor mac léinn.

Beidh mic léinn in ann clárú ar cheann de 23 cúrsa céime (degree courses) sna hearnálacha (sectors) cúram sláinte, fiontair (enterprise), teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (Information and communications technology, ICT) agus cruthaitheach.

Tosóidh siad in institiúid breisoideachais sula rachaidh siad ar aghaidh chuig institiúid ardoideachais áit a bhfaighidh siad céim chreidiúnaithe iomlán (fully accredited degree).

Dúirt an tUasal Harris: ‘Inniu is féidir linn a rá leis an gcéad ghlúin eile de mhic léinn gur féidir leo céimeanna a bhaint amach san altranas (nursing), sa ghnó, san innealtóireacht agus sna meáin gan a bheith buartha faoi phointí.

‘Seo an tús. Tá i bhfad níos mó le déanamh againn ach inniu, athraíonn muid an córas agus cinntímid go bhfuil an foghlaimeoir (learner) i gcroílár gach a ndéanaimid.’

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley gur céim thar a bheith nuálaíoch é an beart chun comhionannas oideachais agus deiseanna a thabhairt do mhic léinn.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram