Rinne réalta BBC iarracht imscrúdú faoi ‘sex images’ a stopadh, de réir tuairiscí

Tá an BBC faoi bhrú mar gheall ar na líomhaintí (allegations) agus níl an duine ainmnithe fós

Tá sé líomhnaithe (alleged) go rinne réalta BBC iarracht imscrúdú a stopadh tar éis tuairiscí gur íoc sé as íomhánna gnéis (sex images).

Chuir an ‘láithreoir fireann cáiliúil’ dhá ghlao ar an duine tar éis líomhaintí a thuairisciú sna meáin, de réir tuairiscí.

Chuir an BBC an láithreoir ar fionraí an tseachtain seo caite. Líomhnaítear gur ghlaoigh sé ar an duine chun glaoch ar a máthair le go gcuirfí ‘stop leis an imscrúdú’, dar le nuachtán an Sun.

BBC

De réir an Sun bhí an duine ina dhéagóir nuair a bhí siad i dteagmháil leis an láithreoir, ach de réir tuairiscí eile níl daoine cinnte faoin aois a bhí an duine nuair a líomhnaítear gur chuir siad íomhánna ar fáil.

De réir an Guardian rinne máthair an duine óig gearán leis an BBC i lár mhí na Bealtaine ach d’fhan an Láithreoir ar an aer go dtí gur thug sí a scéal chuig an Sun an tseachtain seo caite agus chuaigh tuairisceoirí chuig an BBC le haghaidh tuairime.

Dhearbhaigh na póilíní Metropolitan go raibh siad i mbun cainteanna leis an BBC faoin eachtra ach nach raibh líomhain fhoirmiúil faighte acu.

Príomhcheist dhlíthiúil amháin is ea cibé ar chuir an duine óg pictiúir ar bith chuig an láithreoir nuair a bhí siad 17 mbliana d’aois, rud a bheadh mídhleathach.

Mura tharla sé go dtí go raibh siad 18 mbliana d’aois, d’fhéadfadh nár briseadh an dlí.

Líomhnaítear gur iarr an láithreoir, nach bhfuil ainmnithe, ar an duine íomhánna a chuir ar fáil. Líomhnaítear go raibh sé ag labhairt leis an duine óg ar dtús nuair a bhí an duine sin 17 mbliana d’aois.

Deir na tuairiscí go bhfuil roinnt íocaíochtaí déanta aige thar na blianta.

Dúirt máthair an duine, atá 20 bliain d’aois anois, go raibh sí ‘shocked’ tar éis pictiúr den fhear ina shuí ina chuid fo-éadaí a fheiceáil, a tógadh as ‘video call’ idir an bheirt, de réir na dtuairiscí.

BBC

Dúirt sí freisin go bhfaca sí ráitis chuntais bhainc a thaispeánann íocaíochtaí de níos mó ná £35,000 (€40,000), lena n-áirítear suim amháin de £5,000.

Dúirt sí gur bhain an duine úsáid as an airgead chun ioc as andúil (addiction) ‘crack cocaine’, rud a scrios a shaol.

‘Ba bhreá liom é a fheiceáil ar an teilifís. Bhí ionadh orm pictiúr de a fheiceáil ina shuí ar tolg ina theach ina fho-éadaí,’ a dúirt an máthair, de réir na tuairiscí.

‘Níl uaim ach go stopfadh an fear seo ag íoc as pictiúir gnéis agus stop a chur leis nós drugaí a mhaoiniú.’

Dúirt an BBC ar Dé Domhnaigh: ‘Tháinig an BBC ar an eolas faoi ghearán den chéad uair i mí Bealtaine.

‘Cuireadh líomhaintí nua os ár gcomhair Déardaoin de chineál eile; agus i dteannta lenár bhfiosrúchán (inquiries) féin bhíomar i dteagmháil freisin le húdaráis sheachtracha (external authorities), de réir ár bprótacail.

‘Is féidir linn a dheimhniú (confirm) freisin go bhfuil ball foirne fireann curtha ar fionraí.

‘Táimid ag súil go mbeimid in ann nuashonrú (update) breise a sholáthar sna laethanta amach romhainn de réir mar a leanann an próiseas ar aghaidh.’


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram