Coveney imithe ó RTÉ ach cé eile atá faoi bhrú?

Bhí Rory Coveney freagrach as Toyshow the Musical a chaill €2.2m

D’éirigh Stiúrthóir Straitéise RTÉ Rory Coveney as a phost, díreach roimh teacht isteach an ardstiúrthóir nua Kevin Bakhurst.

Bhí an tUasal Coveney, deartháir an Aire Fiontair (Enterprise Minister) Simon Coveney, freagrach as Toy Show The Musical, a chaill €2.2 milliún.

Is é imeacht an Uasail Coveney an chéad cheann i sraith athruithe móra a bhfuiltear ag súil leo an tseachtain seo.

Dúirt an Taoiseach gur seachtain ‘tábhachtach’ í an tseachtain seo do RTÉ, agus é ag súil le tuilleadh eolais faoi chúrsaí airgeadais RTÉ.

Tosóidh an tUasal Bakhurst ag déanamh cinntí móra freisin.

Coveney
Kevin Bakhurst

Tugann imeacht an Uasail Coveney deis amháin dó, agus tá an stiúrthóir tráchtála Geraldine O’Leary le dul ar scor i gceann ocht seachtaine ar aon nós.

Tá cáineadh géar déanta ar Richard Collins, príomhoifigeach airgeadais RTÉ, ar an gcaoi ar láimhseáil sé gnó na n-íocaíochtaí rúnda.

Dúirt foinsí polaitiúla go raibh a sheasamh leochaileach (vulnerable) má bhíonn athruithe móra i gceist.

Dúirt an Taoiseach gur mian leis an Rialtas go ndéanfadh an tUasal Bakhurst athruithe ar an mbord agus go mbunófaí clár leasanna.

Dúirt sé go bhfuil sé ag súil go labhróidh an tUasal Bakhurst leis an bpobal tar éis dó labhairt leis an bhfoireann ar maidin Dé Luain.

Tagann Rory Coveney ó theaghlach saibhir ‘‘merchant prince’ i gCorcaigh.

I measc a dheartháireacha tá leascheannaire Fhine Gael Simon Coveney agus Patrick Coveney, iar-phríomhfheidhmeannach Greencore, cuideachta seirbhísí bia idirnáisiúnta ollmhór.

Coveney
Rory Coveney

Bhí a n-athair, Hugh Coveney, ina Theachta Dála agus ina aire freisin de chuid Fine Gael.

Fuair sé bás go tragóideach tar éis titim de aill agus é amuigh ag siúl leis féin i 1998.

Tháinig Simon ina TD ina áit.

D’oibrigh Rory, 48,  ar feadh roinnt blianta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar Oifigeach Cumarsáide agus Faisnéise.

Nuair a d’aistrigh sé go RTÉ den chéad uair d’oibrigh sé sa rannóg cumarsáide.

Ceapadh ina stiúrthóir straitéise é in 2019.

Is céimí (graduate) é de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) áit ar bhain sé BA amach sa stair.

Tá MA aige sna Meáin Idirghníomhacha ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Dublin Institute of Technology, DIT).


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram