Tá an Sasanach Kevin Bakhurst ceaptha mar cheannaire nua RTÉ, fear a bhfuil meas mór aige ar an nGaeilge, de réir an suíomh nuachta tuairisc.ie.
Bhí Bakhurst in RTÉ cheana féin mar Cheannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha, le haghaidh na ceithre bliana ó 2012 go 2016.
Anois, áfach, beidh sé ar an gcéad Ard-Stiúrthóir eile ar an stáisiún.
Agus de réir tuairisc.ie: ‘Beidh lucht iriseoireacht na Gaeilge ag súil gur cara sa chúirt in RTÉ a bheidh sé.’
Tá Bakhurst ceaptha in ionad Dee Forbes, a bhí sa phost le seacht mbliana.
Bhí Bakhurst mar Stiúrthóir Grúpa Craolacháin agus Ar Líne (Group Director of Broadcasting and Online) ag Ofcom sa Bhreatain roimhe seo. D’oibrigh sé freisin i bpoist eagarthóireachta ag an BBC agus bhí sé ina bhall de Choiste Stiúrtha Cluichí Oilimpeacha (Olympics Steering Committee) Londain 2012, de chuid an BBC.
Beidh air RTÉ a threorú trí shaol na meán atá ag athrú go tapa agus beidh go leor dúshlán aige.
D’admhaigh sé é sin nuair a ceapadh é agus dúirt: ‘Tá dúshláin ollmhóra agus iomaíocht dhomhanda le sárú ag RTÉ.’ (Níor thuig sé féin ná muidne cé chomh mór is a bheadh an dúshlán dó, ag an am sin).
Ach tá dóchas ann go mbeidh sé ag tacú leis an nGaeilge.
De réir tuairisc.ie: ‘Le linn a thréimhse ceithre bliana le RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún.
‘Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go háirithe.’
De réir tuairisc ar suíomh nuachta RTÉ, bhí an ceapachán á chíoradh sna meáin in Éirinn le tamall agus thuairiscigh cuid acu nach raibh baill Bhord RTÉ ar aon fhocal faoi.
I ráiteas, áfach, dúirt cathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh gur d’aon ghuth a cheap na baill Kevin Bakhurst.
Dúirt sí go dtugann Bakhurst leis ‘leithead eisceachtúil de thaithí tionscail, sárscileanna ceannaireachta agus tiomantas paiseanta d’fhorbairt na craoltóireachta seirbhíse poiblí de gach cineál’.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.