Bhí Kevin Bakhurst ina Leas-Ardstiúrthóir ar RTÉ ag an am agus fiafraíodh de ar Déardaoin an raibh a fhios aige faoin gcuntas babhtála ((barter account).
Dúirt sé go raibh a fhios aige go raibh cuntas babhtála ann ach gur thuig sé gur le haghaidh am craolta a thrádáil (trading airtime) a bhí sé.
Is chuige sin a úsáidtear cuntais bhabhtála de ghnáth agus ba é sin an t-aon eolas a bhí aige faoi, a dúirt sé.
Tharla an chonspóid faoi chuntas babhtála RTÉ nuair a fuarthas amach gur úsáideadh é chun íocaíochtaí folaithe (hidden payments) a eagrú le Ryan Tubridy.
Ó shin i leith tá sé faighte amach ag dhá choiste Oireachtais – coiste na meán agus coiste na gcuntas poiblí – gur úsáideadh an cuntas babhtála freisin chun chostais siamsaíochta éagsúla a íoc.
Dúirt Bakhurst go gcuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun an bord feidhmiúcháin a athbhunú ag RTÉ nuair a thosóidh sé ag obair ina phost nua Dé Luain.
Bhí sé ag labhairt tar éis dó bualadh leis an Aire Meán Catherine Martin ar Déardaoin, agus an Rialtas ag lorg dearbhuithe faoin gcaoi a reáchtálfar RTÉ amach anseo.
Tar éis an chruinnithe leis an Aire, dúirt sé: ‘Is é an post atá agam ná muinín a athbhunú, is léir go bhfuil dochar mór déanta dó.
‘Arís, gabhaim leithscéal as sin. Ach sin é mo phost, muinín a athbhunú san eagraíocht seo.
SCÉAL EILE:
Ceannaire nua
RTÉ Kevin
Bakhurst,
Sasanach ar
son na Gaeilge
‘Sin a dhéanfaidh mé iarracht a dhéanamh. Agus beidh mé ag leagan amach i bhfad níos mó sonraí ar Dé Luain faoi conas atá beartaithe againn é sin a dhéanamh.’
Bhí Cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh agus an Leas-Ard-Stiúrthóir Eatramhach Adrian Lynch in éineacht leis ag an gcruinniú leis an Aire Martin sa Roinn Turasóireachta agus Meán.
Nuair a fiafraíodh de an raibh muinín aige as Bord Feidhmiúcháin RTÉ, dúirt Bakhurst go mbeadh ráiteas níos mionsonraithe á dhéanamh aige ar Dé Luain.
Dúirt sé go raibh daoine aonair i gceist agus go gcaithfeadh sé labhairt leo ar dtús.
Dúirt sé: ‘Tá Adrian [Lynch] agus mé féin ag caint faoi iarracht a dhéanamh bualadh leis na ceardchumainn b’fhéidir amárach, má bhíonn siad ar fáil.
‘Mar sin ba mhaith linn tús a chur leis seo.’
Agus dúirt sé: ‘Ní thosaím go dtí an Luan, seo an obair is mó atá déanta agam gan íocaíocht ar bith go dtí seo i mo shaol, le cúpla seachtain anuas. Ach tá áthas orm é a dhéanamh.’
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.