Gordon Ramsay ag teacht go hÉirinn le 300 post a chruthú agus le léiriúchán teilifíse €300 million

Tá Gordon Ramsay ag bogadh go hÉirinn chun an séasúr is déanaí dá sheó comórtas cócaireachta a dhéanamh – agus na céadta post a chruthú.

Cruthóidh bogadh mór Gordon Ramsay 300 post anseo agus tabharfaidh sé tuairim is €30 milliún do thionscal léiriúcháin teilifíse na hÉireann.

Léireofar comórtas cócaireachta teilifíse na Stáite Aontaithe de chuid Gordon Ramsay ag staid fuaime (sound stage) úrnua ag Ashford Studios i gCo. Chill Mhantáin.

Next Level Chef le Gordon Ramsey
Next Level Chef le Gordon Ramsey

Beidh stiúideo Áth na Fuinseoige (Ashford) mar chroílár domhanda don seó teilifíse Fox, Next Level Chef, le Gordon Ramsey.

Tá sé díreach tar éis a athnuachan le haghaidh an tríú agus an ceathrú séasúr.

Dúirt Ramsay, 56: ‘Is deis iontach é mol (hub) domhanda a chruthú in Éirinn do Next Level Chef.

‘Ní hamháin go mbíonn orm seachtainí a chaitheamh ag scannánaíocht i dtír is breá liom, cruthaíonn sé deis tharraingteach dár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta freisin.’

Next Level Chef le Gordon Ramsey
Next Level Chef le Gordon Ramsey

In 2021, rinne Fox Alternative Entertainment, i gcomhpháirtíocht le BiggerStage, an clár comórtais éagsúlachta The Big Deal le haghaidh Virgin Media Television.

Ar Mí na Nollag seo caite, rinne Bento Box Entertainment, stiúideo beochana a bhuaigh Gradam Emmy ó Fox Entertainment agus Boulder Media, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, comhaontú seirbhísí léiriúcháin do raon de shraitheanna beochana príomh-ama, lena n-áirítear greannáin Fox Krapopolis agus Grimsburg.

SCÉAL EILE: Common Threads fuaite le chéile sa cheol agus sa chultúr ag an Bhoirinn

Leag measúnú tionchair eacnamaíoch a rinne PWC le déanaí béim ar an deis atá ann do tháirgeadh neamhscríofa a bheith ina thionscal €300 milliún-€500 milliún ag seachadadh na céadta post agus ag tiomáint infheistíocht i scileanna, oiliúint, bonneagar agus forbairt réigiúnach, dá gcuirfí an spreagadh fhioscach (fiscal incentive) cheart i bhfeidhm.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram