Dúirt Marty gur iarr sé le haghaidh – agus go bhfuair sé – cead ó RTÉ ag an am, agus gur thug sé an carr ar ais ar 23 Meitheamh, ní ar 4 Iúil mar a dúradh le coiste an Oireachtais.
Agus thug sé míniú iomlán ar a tharla ina ráiteas Twitter atá le léamh anseo:
‘Ar mhaithe le hoscailteacht agus trédhearcacht, ba mhaith liom aghaidh a thabhairt ar cheisteanna áirithe a ardaíodh le cúpla lá anuas, a dúirt Marty.
‘Is tuairisceoir agus tráchtaire spóirt mé ag díriú go heisiach (exclusively) ar RTÉ.
‘I bhfianaise na n-imeachtaí a tharla le déanaí, tháinig saincheist féideartha amháin chun suntais.
In 2017, iarradh orm sraith feidhmeanna a ‘MC’ i ngaráistí Renault ar fud na tíre.
‘Chuimsigh sé seo mé ag cur agallaimh ar roinnt daoine ardphróifíle CLG. Mar a bhí orm a dhéanamh, lorg mé cead RTÉ ag an am chun é seo a dhéanamh. Tugadh an cead sin.’
Lean an tUasal Morrisey ar aghaidh ag maíomh ‘nár lorg sé táille as seo’.
‘Ós rud é nach raibh táille á lorg agam, thairg Renault dom carr a úsáid. Ghlac mé leis an tairiscint sin. Lean an scéal ar aghaidh go neamhfhoirmiúil le roinnt blianta anuas…’
Dúirt Marty ina dhiaidh sin gur cheap sé le déanaí gur ‘earráid breithiúnais (error of judgement)’ a bhí anseo agus gur thug sé an carr ar ais go Renault ar Dé hAoine 23 Meitheamh.
Is cosúil go bhfuil sé seo ag teacht salach ar thuairim an Leas-Ard-Stiúrthóireacht nach bhfuarthas an carr ar ais ach Dé Máirt 4 Iúil.
Dúirt Adrian Lynch le coiste Meáin an Oireachtais Dé Céadaoin freisin nach raibh an socrú ceadaithe.
‘Is eol dom cás amháin ina raibh carr ar iasacht ag duine éigin. Is í an tuiscint atá agamsa ná gur tugadh an carr ar ais agus gur ball d’fhoireann RTÉ an duine sin,’ a dúirt Lynch.
Chríochnaigh Marty a ráiteas nuair a dúirt sé go bhfuil leithscéal gafa aige le RTÉ agus go bhfuil sé fós réidh chun ‘cúnamh a thabhairt agus aon cheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn as an gceist seo a réiteach.’
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.