Tráma mór ar cairde an bheirt mhac léinn Éireannacha a fuair bás

04/07/2023

Tá tráma mór ar cairde an bheirt mhac léinn Éireannacha a fuair bás ar oileán na Gréige, Ios, thar an deireadh seachtaine.

Níl uathu ach teacht abhaile anois. Agus thug an Tánaiste Micheál Martin ómós don bheirt mhac léinn Éireannacha a fuair bás.

Bhí Andrew O’Donnell agus Max Wall, an bheirt acu 18 mbliana d’aois, ar saoire iar-Ardteistiméireachta ar Ios, nuair a bhásaigh an bheirt acu go tragóideach.

Tá tús curtha le himscrúduithe ar a mbásanna, agus a gcorp le tabhairt ar ais go hÉirinn.

Éireannacha
Max Wall

Ag labhairt dó tráthnóna Dé Luain, dúirt an tUasal Martin go bhfuil sé tar éis labhairt le príomhoide Scoil Naomh Micheál, Tim Kelleher, áit a raibh an bheirt bhuachaillí díreach críochnaithe lena gcuid Ardteistiméireachta.

‘Sílim go bhfuilimid go léir croíbhriste nuair a cailleadh saolta óga mar seo, Andrew O’Donnell agus Max Wall,’ a dúirt an tUasal Martin le RTÉ Raidió a hAon.

Tá dhá imscrúdú ar bun ar na básanna.

Is cosúil go raibh timpiste tragóideach ag Andrew agus é ar an mbealach abhaile ó oíche amach. Thángthas ar a chorp ar thalamh creagach maidin Dé Domhnaigh,.

Léirigh a chorp comharthaí gur thit sé ach ní raibh sé soiléir an raibh an titim ó airde.

Andrew ODonnell 1168x681 1
Andrew O’Donnell

Fuarthas Max gan aithne (unconscious) in aice le calafort an oileáin ag thart ar 2pm. Tá scrúduithe iarbháis le déanamh sna laethanta amach romhainn.

Bhí na mic léinn i measc suas le 90 ó Scoil Naomh Micheál a d’eitil amach chun deireadh a gcuid scrúduithe Ardteistiméireachta a cheiliúradh.

Tuigtear go raibh siad ar an oileán leis na céadta dalta Éireannacha eile ó scoileanna éagsúla.

Dúirt príomhoide Scoil Naomh Mícheál, Tim Kelleher, go raibh roinnt tuismitheoirí ar an oileán anois ag tacú le mic léinn a bhfuil fonn orthu filleadh abhaile. Thaistil tuismitheoirí Andrew agus Max amach freisin.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram