Anois féadfaidh RTÉ tacaíocht Stáit a lorg le haghaidh íocaíochtaí breise

Seans go mbeidh ar RTÉ tacaíocht a iarraidh ar na cáiníocóirí (taxpayers) mar gheall ar íocaíochtaí breise cánach agus PRSI.

Táthar ag súil go mbeidh trioblóidí an chraoltóra níos measa nuair a bheidh imscrúdú SCOPE curtha i gcrích ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (Department of Social Protection).

Tá an Roinn ag fiosrú éilimh go ndearnadh na céadta fostaithe a chatagóiriú go míchuí mar oibrithe neamhspleácha (freelance workers) seachas mar bhaill foirne.

Lorg an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys faisnéisiú ar dhul chun cinn an imscrúdaithe an tseachtain seo caite – atá ar siúl ó 2020 i leith.

Dúirt foinse amháin faoin bhfiosrúchán: ‘Tá athbhreithniú á dhéanamh ar gach oibrí agus má fhaightear amach go bhfuil oibrithe rangaithe go mícheart ag RTÉ, beidh orthu an scéal a chur ina cheart.’

Táthar ag súil go dtabharfar an t-imscrúdú chun críche i mbliana.

RTE 3 1168x681 1

‘Tá RTÉ á fhiosrú,’ a dúirt an fhoinse. ‘Is cúrsaí an-tromchúiseach iad imscrúduithe SCOPE. Má rangaíonn RTÉ oibrí mar oibrí féinfhostaithe (self-employed) seachas mar fhostaí, beidh impleachtaí aige.’

Rinneadh imscrúdú roimhe seo nuair a fuarthas amach i dtuarascáil ar úsáid an chraoltóra as conraitheoirí (contractors) idir 2015 agus 2018 gur aithníodh go raibh ‘tréithe cosúil le fostaíocht’ ag níos mó ná 106 conraitheoir, agus fuarthas go raibh ‘tréithe a bhaineann leis an bhféinfostaíocht agus leis an bhfostaíocht’ ag 51 chonraitheoir’.

Dúirt RTÉ leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee, PAC) Déardaoin nárbh eol dóibh na costais a bhain leis an gcéad athbhreithniú SCOPE – ach léiríonn tuarascálacha ó 2022 gur chosain sé €1.2 milliún.

Léiríodh imní i dtuarascáil PAC freisin: ‘D’fhéadfaí fóirdheontas (subsidy) a thabhairt d’aon socraíochtaí go héifeachtach trí mhaoiniú ón Státchiste do RTÉ.’

Táthar ag súil go dtabharfaidh an fiosrúchán SCOPE is déanaí níos mó fós d’fhochonraitheoirí (sub-contractors) RTÉ isteach mar fhostaithe agus go gcosnóidh sé i bhfad níos mó.

Dúirt leaschathaoirleach PAC Catherine Murphy: ‘Creidtear go bhféadfadh suas le 500 imscrúdú a bheith ann. Is mór an t-uafás é.’

Dúirt sí gur ‘ábhar an-tromchúiseach é dóibh siúd nach bhfuil “tallann”. Chaill siad amach ar chearta mar atharthacht (paternity), pá breoiteachta (sick pay), agus cearta pinsin: iad ar fad mar chuid de dhualgas cúraim an fhostóra.’

Thug Ms Murphy rabhadh freisin faoi ‘impleachtaí costais tromchúiseacha’ don stáisiún.

Thug cathaoirleach PAC Brian Stanley rabhadh do RTÉ go gcaithfidh siad aghaidh a thabhairt ar a ‘chaighdeán dúbailte’ maidir le coinníollacha fostaíochta agus dúirt an t-imscrúdú reatha SCOPE, ‘go bhféadfadh suas le 500 ball foirne a bheith i gceist… ar ioncam íseal agus meánach.’


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram