Gabhadh fear Éireannach maidir le bás mná Éireannach sa Spáinn agus táthar ag súil go dtiocfaidh sé os comhair breithimh ansin.
Fuarthas corp na mná Éireannach, a bhí 36 bliain d’aois i bpasáiste (corridor) ag óstán i Salou, ó dheas de Barcelona sa Spáinn oíche Dé Domhnaigh.
Dúirt póilíní na Spáinne go raibh siad ag ceistiú fear atá 30 bliain d’aois a gabhadh ag an láthair ag stáisiún póilíní áitiúil.
Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus An Garda Síochána go raibh siad ar an eolas faoin eachtra.
Dúirt póilíní na Spáinne gur glaodh orthu chuig Óstán Magnolia i Salou ar an gCósta Dorada, thart ar 9.30pm Dé Domhnaigh.
Nuair a shroich siad an óstán, fuair siad an bhean le gortuithe marfacha i gceann de na conairí an óstáin.
Dúirt póilíní go raibh an chuma uirthi go raibh corda uirthi.
Bhí gortuithe dá lámh agus dá chaol (wrists) ar fhear a bhí in aice léi ag an am agus dúirt na póilíní go gcreideann siad gur tharla sé sin trí ghloine a bhriseadh.
Gabhadh é agus tugadh chuig an ospidéal é áit ar cuireadh cóir leighis air i gcás gortuithe nach raibh bagairt saoil orthu.
Tuigtear gur Éireannach é freisin agus gur páirtí an íospartaigh é.
Bhí sé á choinneáil agus á cheistiú ag stáisiún póilíní agus bhí sé le bheith sa chúirt níos déanaí.
Dhiúltaigh an fhoireann ag an óstán labhairt faoi.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Comhionannais Rialtais Réigiúnach go raibh ‘a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do theaghlach agus do dhlúthchairde an íospartaigh a bhfuil an oiread príobháideachta de dhíth orthu ag na tráthanna deacra seo’.
Bhí nóiméad ciúnais le bheith ar siúl i halla an bhaile i Salou tráthnóna Dé Luain.
I ráiteas, dúirt Gardaí go bhfuil an eachtra líomhnaithe a bhaineann le saoránaigh Éireannacha á stiúradh ag údaráis na Spáinne agus nach raibh aon eolas eile acu.
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin gur ‘scéal uafásach’ é bás ban Éireannach sa Spáinn.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.