In iarracht muinín an phobail a athbhunú, tá sraith beart leagtha amach ag airí Rialtais a athróidh feidhmiú RTÉ.
Dúirt foinsí comh-aireachta (Cabinet) gur craoltóir seirbhíse poiblí níos lú a bheidh ann, a gheobhaidh maoiniú ó ‘thobhach craolta (broadcasting levy)’ agus tacaíocht Stáit.
Tá an Rialtas le déanamh anois athruithe a measadh roimhe seo a bheith ró-radacach.
Dúirt foinsí comh-aireachta a bhfuil eolas acu ar phlé ar thodhchaí RTÉ go mbeidh:
Dúirt an tAire Sóisearach Ossian Smyth, áfach, nach raibh ‘aon fhírinne’ sa mholadh go gcaillfí 400 post.
Dúirt sé gur labhair sé leis an Aire Meán Catherine Martin agus gurb é an plean a bhí ann foireann RTÉ a chosaint.
Dúirt Aire amháin: ‘Creidimid gur cheart dúinn gnéithe tráchtála agus seirbhíse poiblí RTÉ a roinnt chomh tapa agus is féidir go pragmatach.
‘Ba rud é a raibh muid ag caint faoi roimh seo ach cheapamar go mbeadh sé do-ghlactha leis an bpobal.
‘Feicimid anois go mbeadh fáilte roimhe.
‘D’fhágfadh sin go ndíolfaí leasanna tráchtála RTÉ dá bharr sin.’
Tagann 55% d’ioncam RTÉ – timpeall €200 milliún sa bhliain – ón táille ceadúnais agus ón stát.
Tagann an 45% eile ó fhógraíocht agus ó ghníomhaíocht tráchtála.
Cé go bhfuil athruithe móra ar an bhfód, aithníonn an Rialtas go bhfuil gá le seirbhís craolacháin phoiblí ar ardchaighdeán.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.