Tá foireann Stephen Kenny rangaithe i measc an tríú síolta (third seeds) agus is beag seans a bheith leis an dara síolta (second seeds) ach d’fhéadfaimis a bheith i measc an cheathrú síolta mura dtagann feabhas ar chúrsaí.
Ag tús 2020, bhí foireann na bhfear Stephen Kenny sa 34ú háit ar domhan, dhá áit faoi bhun fhoireann Vera Pauw sa 32ú háit.
Agus tá na fir tar éis titim trí spota tar éis roinnt drochchluichí idirnáisiúnta.
Is amanna codarsnachta (contrasting times) iad seo go deimhin do na bainisteoirí, Stephen Kenny agus Vera Pauw.
Tá tábhacht ag baint le rátálacha FIFA le haghaidh chun cáiliú do Chorn an Domhain.
Maidir le Corn an Domhain 2022, i mí na Nollag 2020, chaill na foirne a n-áit i measc an dara síolta de bharr theip ar Éirinn faoi Kenny ceann ar bith dá gcluiche grúpa Sraith na Náisiún (Nations League) a bhuachan, mar aon le cailliúint leathcheannais athimeartha Euro 2020.
Chiallaigh sé sin go raibh siad péireáilte leis an tSeirbia, agus an Fhrainc ina dhiaidh sin san fheachtas reatha Euro 2024.
Beidh tarraingt UEFA do cháilitheoirí Chorn an Domhain 2026 ar siúl i mí na Nollag na bliana seo chugainn, tar éis Shraith na Náisiún 2024.
Má leanann UEFA an gnáthphatrún leanfadh Éire, atá sa 27ú háit faoi láthair, ar aghaidh mar an tríú síol.
(Go teicniúil, tá Éire sa 26ú háit agus an Rúis fós amach as an bpeil idirnáisiúnta, cás a d’fhéadfadh athrú roimh Nollaig 2024).
Cé nach mbeidh Éire in ann filleadh go dtí an dara síolta, d’fhéadfadh muid titim amach as na 30 tír is fearr agus sleamhnú isteach sa cheathrú síolta.
Chun é sin a sheachaint ní mór d’Éirinn torthaí feabhsaithe a bhaint amach thar an gcuid eile de chluichí cáilitheacha Euro 2024, agus Shraith na Náisiún 2024.
SCÉAL EILE :
Seans fós againn a deir Kenny agus McClean
Fiú mar chuid den tríú síolta do Chorn an Domhain, bheadh gach rud le déanamh ag Éirinn chun na cluichí ceannais a bhaint amach i Meiriceá Thuaidh.
Chun é a chur i bpeirspictíocht, ba é an Pholainn an tír is ísle san Eoraip le cáiliú do Chatar in 2022, a bhí sa 26ú háit i rangú domhanda ag an am.
SCÉAL EILE:
Rodgers ar ais leis na Bhoys – agus Celtic ag amharc go dóchasach ar an am atá le teacht
Le 48 foireann san iomaíocht don chéad uair i gcluiche ceannais 2026, tá 16 shliotán leithdháilte ar UEFA – méadú ar na 13 shliotán roimhe sin.
Cuidíonn sé sin le hÉirinn, díreach mar is cuidiú freisin é neamhrannpháirtíocht na Rúise. Faoi láthair, teastaíonn uainn gach cúnamh is féidir linn a fháil.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.