D’ainmnigh na Dubs agus Maigh Eo na himreoirí a thosóidh dóibh sa chluiche ceathrú ceannais Dé Domhnaigh i Croker.
Tá nuacht na foirne ar chluichí ceathrú ceannais an CLG an deireadh seachtaine seo ag teacht amach agus seo iad foirne na Dubs agus Maigh Eo.
Imreoidh an dá deargnamhaid (arch-rival) in aghaidh a chéile arís ina gcéad chluiche craoibhe ó chuir Maigh Eo na Dubs amach as craobh i 2021.
Tá deis ag foireann na príomhchathrach díoltas a bhaint amach agus tá glaoite acu ar dhuine de na himreoirí is fearr dá gcuid don jab.
Don chéad uair ó chluiche ceannais Laighean, tá Jack McCaffrey glaoite isteach chun tosaí ar thaobh Dessie Farrell Dé Domhnaigh.
SCÉAL EILE:
CLG ag súil le brabús €5 milliún ag Croker … ach tá lucht leanúna ar buile faoi GAAGO
Laghdaíodh an t-imreoir lár páirce go dtí ról binse do na trí bhabhta cluichí ‘round robin’ ach tá sé tagtha isteach sa XV tosaigh roimh Eoin Murchan.
Is mar a chéile fós an chuid eile den fhoireann de na Dubs tar éis a mbua ar Shligeach coicís ó shin, agus McCaffrey mar an t-aon athrú amháin.
Tá gortú sáraithe ag Cormac Costello chun áit a fháil ar an mbinse in éineacht le leithéidí Dean Rock agus Paul Mannion.
Tá Padraig O’Hora agus Matthew Ruane beirt ainmnithe ar fhoireann Mhaigh Eo, a thagann isteach ar chostas Sam Callinan agus James Carney.
SCÉAL EILE:
Maigh Eo leis an ngaoth ar a gcúl anois agus McStay sa tóir ar Sam
Tar éis dó filleadh an tseachtain seo caite i gcoinne na Gaillimhe, tá Cillian O’Connor ainmnithe arís ar bhinse Kevin McStay.
Baile Átha Cliath: S Cluxton; D Newcombe, M Fitzsimons, L Gannon; J McCarthy, J Small, J McCaffrey; B Fenton, B Howard; C Kilkenny, S Bugler, N Scully; P Small, C O’Callaghan, C Basquel.
Mhaigh Eo: C Reape, J Coyne, D McBrien, P O’Hora, P Durcan, S Coen, E McLaughlin, M Ruane, D O’Connor, J Doherty, J Carney, J Flynn, A O’Shea, T Conroy, R O’Donoghue.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.