CLG ag súil le brabús €5 milliún ag Croker … ach tá lucht leanúna ar buile faoi GAAGO

30/06/2023

Tá an CLG ag súil le brabús €5 milliún a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo, ach tá fadhb acu fós faoi GAAGO.

Tá lucht leanúna an CLG míshásta leis an cinneadh dhá cheann de na cluichí ceathrú ceannais Chraobh na hÉireann a chur ar GAAGO.

Go háirithe ba mhiath leo an cluiche ina bhfuil Seaimpíní Chraobh na hÉireann, Ciarraí, leis an loach David Clifford, ag imirt in aghaidh Thír Eoghan, ar fáil ar RTÉ.

Táthar ag súil le thart ar 150,000 lucht féachana ag dul go Páirc an Chrócaigh do na ceithre chluiche ceathrú ceannais peile na hÉireann.

Agus táthar ag súil go líonfaidh an dá cluiche ar Dé Domhnaigh Páirc an Chrócaigh.

GAAGO
Aidan O’Shea de chuid Maigh Eo in aghaidh Bhaile Átha Cliath

Siad sin an cluiche idir Baile Áth Cliath agus Maigh Eo ag 4pm chomh maith leis an gcluiche idir Doire agus Corcaigh ag 1.45pm.

Níl ticéid, ar phraghas €40 an ceann le haghaidh suíocháin agus €30 do Chnoc 16, ar fáil a thuilleadh le ceannach ar líne mar gheall ar éileamh.

Tá an dá chluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn ag tarraingt go leor spéise freisin.

D’fhéadfadh Páirc an Chrócaigh a bheith ag súil le timpeall 70,000 i láthair nuair a imreoidh Seaimpíní Chraobh na hÉireann Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain ag 3.45pm.

Tar éis an tarraingt ar an Luain beidh Baile Átha Cliath in aghaidh Mhaigh Eo agus Corcaigh in aghaidh Dhoire, leis an dá chluiche sin a thaispeáint ar RTÉ Dé Domhnaigh seo chugainn.

Ní thaispeánfar na cluichí de chuid Chiarraí agus Thír Eoghain chomh maith le cluiche Ard Mhacha le Muineachán, atá ar súil ar Dé Sathairn, ar an gcraoltóir náisiúnta.

Ina ionad sin beidh siad ar fáil ar sheirbhís sruthaithe (streaming service) GAAGO.

Tá cáineadh déanta ag Joe Brolly ar an scéal nach mbeidh an cluiche idir Ciarraí agus Tír Eoghain ar fáil saor in aisce ar an teilifís ach go mbeidh sé taobh thiar de bhalla pá ar GAAGO.

Dúirt sé: ‘Mar a thug Colm Parkinson le fios, níl ach ceann amháin dá gcluichí craobhchomórtais ag Ciarraí i mbliana ar RTÉ.

‘Tá an chuid eile [a bhí] taobh thiar de bhalla pá RTÉ/GAAGO.

SCÉAL EILE: Maigh Eo leis an ngaoth ar a gcúl anois agus McStay sa tóir ar Sam

‘Ní bheidh cluiche ollmhór Chiarraí i gcoinne Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo le feiceáil ag go leor seandaoine sa dá chontae.’

Dúirt an TD Neamhspleách Michael Healy-Rae go raibh clúdach GAAGO ‘scannalach’.

Tá go leor gearrán faighte ag an gcraoltóir ar líne mar gheall ar na cluichí atá ann i mbliana.

Cuireadh roinnt nasc suntasach iomána taobh thiar de bhalla pá (pay wall) GAAGO níos luaithe an samhradh seo; ag spreagadh feirge ó roinnt polaiteoirí agus lucht leanúna.

SCÉAL EILE: Tá na hamanna fógartha do chluichí móra CLG

Ar na meáin shóisialta, tá lucht tacaíochta ag gearrán faoin chinneadh.

Dúirt daoine amháin go bhfuil an scéal ‘náireach’, agus dúirt duine eile: ‘Cén fáth ar domhan a bhfuil Seaimpíní Chraobh na hÉireann taobh thiar de bhalla pá arís’.

Thug daoine eile le fios, áfach, gur taispeánadh na cluichí a bhí á dtaispeáint ag GAAGO taobh thiar de bhalla pá roimhe seo trí Sky Sports, mura ndéanfaí iad a chraoladh beo ar chor ar bith.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram