Tá teachín álainn 300 bliain d’aois i nGaillimh, a bhí le feiceáil ar Home of the Year ar RTÉ, ar díol ar €375,000.
Tá Marblehill Cottage i mbaile Locha Riach (Loughrea) cois locha agus thóg an teaghlach de Burca é sa bhliain 1775.
Bhí sé mar chuid dá Eastát Marblehill agus tá sé suite os cionn fhothracha stairiúla (historical ruins) Theach Marblehill.
Meascann an teach athchóirithe (renovated), le trí sheomra leapa, ailtireacht (architecture) na gcéadta bliain d’aois agus forbairtí nua-aimseartha.
Tá gairdín iata (enclosed) ann freisin a chuireann leis an maoin.
Tá ballaí tiubha an taobh istigh péinteáilte i ndathanna talmhaithe (earthly), ag teacht leis na toin ar an taobh amuigh.
Tugadh naonúr as deich réalta dó ó na saineolaithe ar Home of the Year de chuid RTÉ.
Cheannaigh úinéirí na dtithe an teach in 2018 agus rinne siad go leor den obair athchóirithe iad féin.
Áiríodh leis seo bíomaí (beams) adhmaid áille a aimsiú agus na fuinneoga agus na doirse a athchur.
SCÉAL EILE: Féach ar an bhfíseán den amhrán nua le Glen Hansard agus Markéta Irglová
Tá dóire adhmaid (wood-burner), urlár adhmaid agus fuinneog mhór sa seomra suí freisin chun an solas nádúrtha a ligean isteach.
Tá an chistin péinteáilte le gorm geal, le cuntar coincréite agus doirteal (sink) clasaiceach Bhéal Feirste. Is féidir leat cheann de na bíomaí adhmaid an sean-teach a fheiceáil freisin ag rith trasna an cheantair.
Tá an príomhsheomra leapa san áiléar athchóirithe le neart spáis agus le níos mó bíomaí nochtaithe ag na fuinneoga.
Tá an réadmhaoin ar díol le Fair Deal Property Ltd.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.