Labhair Joe Duffy amach faoi an airgead a fhaigheann sé ó RTÉ fad is a leanann an chonspóid faoi íocaíochtaí rúnda a rinneadh le Ryan Tubridy.
Téann Duffy in éineacht le Claire Byrne a nocht a tuarastal le héisteoirí freisin, tar éis d’Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes éirí as.
Léirigh iniúchadh neamhspleách ar chuntais RTÉ gur íocadh €345,000 breise le Tubridy thar thréimhse sé bliana.
Mar thoradh air sin bhí géarchéim don chraoltóir náisiúnta agus bhí brú ar Tubridy nach bhfuil ag craoladh a chlár raidió faoi láthair.
Cuireadh ceisteanna ar réaltaí eile RTÉ dá bharr freisin.
In eagrán de Liveline Dé Luain, nocht Duffy go bhfuil a phá de €351,000 le RTÉ comhdhéanta de €300,000 don raidió, agus €51,000 do thionscadail teilifíse, lena n-áirítear ag an am seo The Meaning of Life agus eipeasóidí de Liveline Callback agus Children Of The Troubles roimhe seo.
‘Níor tairgeadh, níor diúltaíodh riamh, ní bhfuarthas, ní raibh baint agam le haon taobh amuigh … is iad na figiúirí atá ar mo chonradh na figiúirí cruinne a fhaighim,’ a dúirt Duffy.
Lean Duffy ar aghaidh freisin le soiléiriú a dhéanamh ar a sheasamh maidir le hurraíochtaí (sponsorship), ag rá nauch bhfaighidh Liveline urraitheoir mar gheall ar an gcáineadh ginearálta a dheanann sé ar beagnach gach duine.
De réir fógra leanúnach ar fhóram Díolachán Meán RTÉ, tá Liveline ag lorg urraíochta le thart ar 12 mhí, gan aon leas a bhaint as.
Tagann tuairimí Duffy díreach i ndiaidh a chomhghleacaí, Claire Byrne a nochtadh a táille iomlán ó 2022 lena n-áirítear a seó tráth na gceist a chur i láthair, Ireland's Smartest.
Tá sé deimhnithe ag Brendan O’Connor freisin gurb é €245,004 a phá – an figiúr céanna a fuair sé in 2021.
Cuireann colúnaí an Sunday Independent a chlár ar RTÉ Raidió 1 i láthair ar an Satharn agus ar an Domhnach idir 11am agus 1pm.
In 2019, d’íoc RTÉ €220,000 leis an láithreoir raidió. Mhéadaigh sé seo go €238,753 in 2020, agus go €245,004 in 2021.
Agus dúirt bord RTÉ go bhfoilseoidh siad 'an oiread agus is féidir' de athbhreithniú Grant Thornton Dé Máirt.
I ráiteas a eisíodh tráthnóna Dé Luain, dúirt siad go bhfoilseoidh sé ‘ráiteas cuimsitheach’ freisin ina leagfar amach an tuiscint atá acu ar thuillimh Ryan Tubridy ó 2020 go 2022.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.