Dúirt ochtar den naonúr réalta is airde pá eile in RTÉ leis an Irish Mail on Sunday nár iarradh orthu glacadh le socrú mar sin.
fiafraíodh díobh an raibh aon socruithe ‘babhtála’ le tríú páirtí príobháideach nó urraitheoir (sponsor) san áireamh ina bpá aonair le RTÉ, nó ar iarradh orthu glacadh le socrú comhchosúil riamh.
Fiafraíodh díobh freisin cén fhreagairt a bheadh acu dá dtairgfí (offer) socrú ‘babhtála’ dóibh cosúil leis an ceann a bhí ag Tubridy.
Dúirt Ray D’Arcy ‘Ní hea!’ agus dúirt sé leis: ‘Ní bheinn páirteach i socrú dá leithéid choíche.’
D’fhreagair láithreoir News At One Bryan Dobson ‘Ní hea’ freisin agus dúirt sé nach mbeadh socrú ‘babhtála’ inghlactha maidir le láithreoir nuachta.
D’fhreagair Claire Byrne, Joe Duffy, Miriam O’Callaghan, Brendan O’Connor, Mary Wilson agus Darragh Moloney ‘Níl’ ar na cheisteanna.
Bhí George Lee ar saoire go dtí inniu (Dé Luain) agus níor fhreagair sé ár gceist.
Is é Ryan Tubridy an láithreoir is airde pá ag RTÉ, fiú gan na híocaíochtaí rúnda dar luach €345,000 san iomlán a chur san áireamh.
Is iad Joe Duffy, Claire Byrne, Ray D’Arcy agus Miriam O’Callaghan na ceithre láithreoirí is airde pá eile.
Léiríonn figiúirí a d’eisigh RTÉ le cúpla lá anuas go bhfuair Tubridy an láithreoir is airde pá, Tubridy, €345,000 in íocaíochtaí rúnda le roinnt blianta anuas.
Nuair a chuirtear na híocaíochtaí breise seo leis, íocadh breis is leathmhilliún euro sa bhliain le Tubridy.
Bhain na híocaíochtaí breise le ‘obair a rinneadh’ in 2021 agus 2022. Ach bhí cheist ann faoi an fáth ar chosain sé €230,760 ar RTÉ €150,000 a íoc le Tubridy.
Ag an bpointe seo, thug bord RTÉ na saineolaithe airgeadais Grant Thornton isteach.
Tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur íoc an craoltóir náisiúnta €80,760 le gníomhaireacht bróicéireachta tríú páirtí (third-party broker) chun an t-airgead a thabhairt do Tubridy.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.