Labhair Claire Byrne amach faoi íocaíocht féin agus an conspóid faoi íocaíochtaí rúnda le Ryan Tubridy ag leanúint ar aghaidh agus an tArd-Stiúrthóir Dee Forbes ag éirí as go luath ar maidin Dé Luan.
Léirigh iniúchadh (audit) neamhspleách ar chuntais RTÉ gur íocadh €345,000 breise le Tubridy thar thréimhse sé bliana.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil Tubridy le chloisteáil ar a chlár raidió ó shin, agus tá an tArd-Stiúrthóir Dee Forbes ag éirí as.
D’fhill Claire Byrne, a bhí ar an gceathrú láithreoir is airde pá ag RTÉ, agus €350,000 mar thuarastal is déanaí aici, ar ais chuig a chlár raidió Dé Luain.
Bhí sí as láthair Déardaoin agus Dé hAoine seo caite nuair a bhris an scéal sna meáin náisiúnta.
Ag cur tús ar leith lena seó maidin Dé Luain, dúirt Byrne, ainneoin ráflaí go raibh sí páirteach sa scannal, gur ghlac sí am saor a cuireadh in áirithe míonna ó shin.
Nocht sí ansin a táille iomlán ó 2022 lena n-áirítear íocaíocht bhreise di nuair a chuir sí tráth na gceist (quiz), Ireland's Smartest i láthair.
Dúirt sí: ‘Chuir mé an dá lá saor sin in áirithe míonna ó shin. Bhí duine de mo pháistí páirteach i gcomórtas rince i gCiarraí agus bheartaíomar go léir dul in éineacht léi agus cúpla lá a chaitheamh ann.
‘Mar sin ba chomhtharlú (coincidence) iomlán é nach raibh mé i mo shuí anseo nuair a bhris an nuacht.
SCÉAL EILE: Tithe Tubridy: Ceann a bhí tráth ag an ‘Right Honourable’ Iarla Longfoirt
'Ní raibh aon rabhadh (warning) agam roimh ré go raibh fadhb ar an bhfód – ní raibh a fhios agam fiú go raibh táillí láithreoirí lena n-áirítear mo chuid féin faoi réir athbhreithniú Grant Thornton,' a dúirt sí.
Dúirt sí nár lorg nó nár tairgeadh aon sórt margadh tráchtála nó taobh-mhargadh (side deal) di, agus nach raibh aon íocaíochtaí eile ann thar a táille foilsithe (published fee).
Ba é €350,000 a táille foilsithe do Today with Claire Byrne agus Claire Byrne Live, ach dúirt sí gur laghdaigh a pá go dtí €280,000 in aghaidh na bliana tar éis di an clár teilifíse a fhágáil.
Ba é €25,000 an táille chun an seó tráth na gceist a chur i láthair Ireland's Smartest, agus rinne NK Management an conradh a idirbheartú (negotiated) freisin.
Dúirt sí: ‘Admhaím go bhfuil an táille suntasach, agus tá sé i bhfad níos faide ná an méid a d’fhéadfadh go leor daoine a bheith ag súil a thuilleamh, agus tá daoine eile ann nach bhfuil aon amhras ach go mbeidh níos mó le rá acu faoi.’
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.