Tá Brendan Rodgers réidh le dul ar ais chuig Celtic - ach amháin má fhaigheann sé tacaíocht chun an club a dhéanamh mar fhoireann bhuaiteach san Eoraip.
Díreoidh Rodgers ar a chinntiú go bhfuil infheistíocht agus infrastruchtúr ann chun an club a bhrú chun airde sa pheil Eorpach sna blianta amach romhainn.
Bhí cainteanna ag Rodgers le déanaí leis an bpríomhfheidhmeannach Michael Nicholson agus an stiúrthóir airgeadais Chris McKay agus labhair sé go fada leis an úinéir Éireannach Dermot Desmond ar fhilleadh go Glaschú.
Tá Celtic sa tóir ar bhainisteoir nua tar éis d’Ange Postecoglou imeacht. Chuaigh sé go Spurs mar bhainisteoir an tseachtain seo caite.
Aithníodh Rodgers, a baineadh as Leicester City an séasúr seo caite, mar iarrthóir iontach mar gheall ar a pheil fhairsing (expansive) agus gur bhuaigh Celtic sraithe i ndiaidh a chéile le linn dó a bheith ina bhainisteoir roimhe seo.
Agus, ag cur san áireamh an ‘fanfare’ atá thart ar Postecoglou, beidh sé tábhachtach an stíl dhearfach imeartha sin a chothú chun lucht leanúna paiseanta fhoireann Ghlaschú a shásamh.
Bhuaigh fear Aontroma ‘trebles’ in aghaidh a chéile in Alban sular fhág sé go Leicester City I 2019 ach beidh sé ag iarraidh rath a fháil i bpeil na hEorpa an uair seo.
Tá Celtic in áit i bhfad níos sláintiúla ná mar a bhí nuair a ghlac sé seilbh ar dtús, agus imreoirí réalta ar nós Kyogo, Jota agus Hatete ag déanamh an post thar a bheith tarraingteach.
Ach beidh air imreoirí den sórt sin a choinneáil má tá Celtic le léiriú measúil a imirt i Sraith na Seaimpíní – aimsíonn siad iad féin sna céimeanna grúpa don séasúr seo chugainn, gan aon ghá le dul ar aghaidh trí na babhtaí cáilithe.
De réir tuairiscí, tá Celtic toilteanach Rodgers a dhéanamh mar an bainisteoir is airde pá i stair peile na hAlban ar an mbonn gur féidir leis sárobair Postecoglou a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile.
Nuair a d’fhág Rodgers Celtic in 2019, thug sé le fios gur mhaith leis lá amháin filleadh ar Ghlaschú chun an méid a thosaigh sé a chríochnú.
Dúirt sé: ‘B’fhéidir go dtiocfaidh an dúshlán sin amach anseo agus ní bheadh leisce ar bith orm dul ar ais. Club dochreidte.
‘Cosúil le gach rud eile sa saol, níl i gceist leis ach an t-am. Is scéal difriúil é cé acu an bhfaighfear ar ais mé nó nach bhfaighfear ach an rachainn ar ais go Celtic? go deimhin.'
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.