Agus Lá Fhéile Eoin (Midsummer Day) beagnach buailte linn an tseachtain seo, tá RTÉjr Radio ag ceiliúradh na hócáide le scéalta draíochta agus mistéire a rachaidh leis an lá a ceiliúrtar in aimsir na bPágánach – i bhfad sular thosaigh Naomh Pádraig ag dul sa tóir ar nathracha nimhiúla le seamróga.
Is féidir le páistí óga agus tuismitheoirí araon sult a bhaint as an séasúr le chlos-scéal nua a chuidíonn le páistí foghlaim ar bhealach a bhíonn ag spraoi leo, agus a chabhraíonn le tuismitheoirí múineadh ar bhealach a thuigeann siad.
I gclos-scéal Plab sa Phluais (Plop in the Cave) do RTÉjr Radio, téann cairde Gínie agus Féilim ar thuras dodhearmadta (unforgettable) dóibhsean, agus don lucht éisteachta.
Is é Plab sa Phluais an dara clos-scéal sa sraith de cheithre scéal codlata ‘léigh le chéile’ agus craolfar é ar Raidió RTÉjr ag 11.30rn agus 4.30in Dé Céadaoin, 21 Meitheamh.
Ag caint faoi an eachtra seo, le Blas na Cathrach ar Raidio na Life 106.4FM dúirt léiritheoir agus scríbhneoir Alison Ní Mháirtín: 'Is seans deas é de Tuismitheoirí agus a pháistí a theacht le chéile trí an Gaheilge agus a bhaint sult as na scéálta.'
Is féidir an agallamh sin a chloisteáil ar Soundcloud anseo.
Beidh an podchraoladh leis an scéal féin ar fáil ansin ar Phodchraoladh RTÉjr ar feadh sé mhí.
Is í Tigerlily Keoghan an píobaire uilleann ar an taifead seo agus aithnítear an lucht éisteachta an port álainn Báidín Fheilimí á sheinm aici mar chuid den scéal.
Is cinnte go gcuirfidís fáilte roimh na carachtair Spideog le Feadóg, Gabhair le Giotár agus príomhcharachtar Gínie tar éis an chéad scéal An Flóta le Cóta ar Lá Fhéile Pádraig.
Agus an uair seo téann Gínie, an cara is fearr Féilim agus máthair Ghínie chuig lár na pluaise ar bhád beag, Bháidín Fheilimí.
Léiríonn Ciara Murphy Gínie, in éineacht le haisteoirí Cory Ó Brollacháin (Féilim), Sandra Walsh (Treoraí) agus Alison Ní Mháirtín (Mam).
Tugann Heather Hadrill guthanna breise.
Soláthraíonn Jonathan Weatherill-Hunt dearadh fuaime, innealtóireacht agus eagarthóireacht.
I measc na comhoibrithe tionscadail eile tá sainchomhairleoir theanga Peig Busher O’Sullivan agus dearthóir grafaicí Sinéad Duffin.
Tá an tsraith scríofa, stiúrtha agus léirithe ag Alison Ní Mháirtín.
Dúirt sí:’Is am draíochtúil den bhliain é lár an tsamhraidh leis an lá is faide agus baineann an scéal seo leis an nóisean de scéal fada a dhéanamh gearr: tagann an ceann seo isteach díreach faoi bhun deich nóiméad.
‘Tá lúcháir ar Gínie agus Féilim a bheith ag dul ar thuras campála lena gcairde agus a Mam chun Lá Fhéile Eoin a chomóradh ach cuireann léarscáil mhistéireach agus finscéalta an phíobaire iad i gcruachás an tsamhraidh.
Níl gach rud caillte áfach.’
Beidh ábhar breise le híoslódáil ó shuíomh gréasáin RTÉjr Radio (www.rte.ie/radio/rtejrradio) le gach scéal sa sraith.
Is é i gceist ná an téacs i nGaeilge, foghraíochta agus Béarla ionas gur féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil an Ghaeilge nua acu léamh in éineacht lena bpáistí (0-8 mbliana d’aois).
Beidh bileog gníomhaíochta le híoslódáil ó shuíomh gréasáin RTÉ freisin. Is féidir tuilleadh a léamh faoi agus a phlé ar Twitter le #scéalamcodlata
Tá an tsraith cruthaithe le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, an tÁras Náisiúnta Ceoldrámaíochta agus Heather Rose (Super Paua). Le haghaidh tuilleadh eolais, seol r-phost chuig alisonnimhairtin@gmail.com.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.