Tá leithscéal gafa ag an Uachtarán Michael D Higgins as ‘aon mhasla d’fhéadfadh a rinne sé’ do chathaoirleach fóram Rialtais ar pholasí slándála, Louise Richardson.
Dúirt an tUachtarán go bhfuil Éire ‘playing with fire’ leis ár neodracht (neutrality) agus thug sé foláireamh maidir le bogadh ó pholasaí traidisiúnta na hÉireann, se sin ‘neodúlacht dhearfach’.
Tagann a chuid tuairimí chun tosaigh roimh an bhFóram Comhairliúcháin an Rialtais ar Shlándáil Idirnáisiúnta (Consultative Forum on International Security), a thagann le chéile an tseachtain seo chun neodracht agus saincheisteanna eile a phlé.
In agallamh leis an Business Post, leag an tUachtarán Ó hUiginn aird ar chomhdhéanamh na bpainéal ag an bhfóram ag rá go n-áirítear leo ‘na hAimiréil, na ginearáil, an t-aerfhórsa, an chuid eile de’ chomh maith le ‘na tíortha a bhí neodrach roimhe seo atá ag dul isteach i Nato anois’.
‘Cuireann an tarraingt siar ó fhéinmheas (self-esteem) ár bpolasaí eachtraigh (foreign policy) imní orm’, a dúirt sé.
Thagair sé freisin do chathaoirleach an Fhóraim – Louise Richardson – mar dhuine ‘le DBE an-mhór (Dame of the British Empire)’, de réir an alt.
Ach ar maidin Dé Luan dúirt an tUachtarán gur úsáid sé ‘ráiteas míchúramach (throwaway remark) san agallamh sin.
I ráiteas eile, don suíomh nuachta The Journal, dúirt urlabhraí ó Áras an Uachtaráin: ‘Tá muid sásta a shoiléiriú go ndearna an tUachtarán an trácht a bhfuil tú ag tagairt dó, le linn agallamh fada, agus é ag féachaint ar chóip den chlár don Fhóram agus bhí sé ag tagairt go réchúiseach (casually) don fhíric go raibh beagnach gach tagairt don Ollamh Richardson sa chlár i gcló trom, agus DBE i gceannlitreacha tar éis a hainm, áfach.
‘Go deimhin, ba iad focail chruinne an Uachtaráin ná “litir an-mhór DBE”.
‘Ní raibh sé beartaithe ag an Uachtarán aon mhasla a dhéanamh trí ráiteas ócáideach den sórt sin.
‘Gabhann sé a leithscéal as aon mhasla a d’fhéadfadh a bheith déanta aige trí thimpiste (inadvertently) don Ollamh Richardson trí rud a bhí ina ráiteas míchúramach,’ a dúirt an t-urlabhraí.
‘Mar eolaí polaitíochta agus socheolaí tá cur amach ag an Uachtarán ar shaothar an Ollaimh Richardson.
‘Tá meas aige freisin, in éineacht le daoine eile, ar na tionscnaimh ar bronnadh an DBE ar an Ollamh Richardson mar gheall orthu, chun níos mó fochéimithe ó chúlraí neamhthraidisiúnta nó díothacha (deprived) a mhealladh chuig Ollscoil Oxford.’
Tiocfaidh an fóram le chéile i gCorcaigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath ón Déardaoin.
Tháinig easaontas le roinnt ball den Rialtas as ráitis an Uachtaráin
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.