Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn go bhfuil Éire ‘playing with fire’ leis ár neodracht (neutrality).
Thug an tUachtarán foláireamh freisin maidir le bogadh ó bheartas traidisiúnta na hÉireann maidir le ‘neodúlacht dhearfach’.
Tagann a chuid tuairimí chun tosaigh roimh an bhFóram Comhairliúcháin an Rialtais ar Shlándáil Idirnáisiúnta (Consultative Forum on International Security), a thagann le chéile an tseachtain seo chun neodracht agus saincheisteanna eile a phlé.
In agallamh leis an Business Post, leag an tUachtarán Ó hUiginn aird ar chomhdhéanamh na bpainéal ag an bhfóram ag rá go n-áirítear leo ‘na hAimiréil, na ginearáil, an t-aerfhórsa, an chuid eile de’ chomh maith le ‘na tíortha a bhí neodrach roimhe seo atá ag dul isteach i Nato anois’.
‘Cuireann an tarraingt siar ó fhéinmheas (self-esteem) ár mbeartais eachtraigh (foreign policy) imní orm’, a dúirt sé.
Thagair sé freisin do chathaoirleach an Fhóraim – Louise Richardson – mar dhuine ‘le DBE an-mhór (Dame of the British Empire).
Tiocfaidh an fóram le chéile i gCorcaigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath ón Déardaoin seo chugainn.
Tá sé ráite ag an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil gá le plé ar riachtanais shlándála na hÉireann mar gheall ar an athrú ar chúrsaí ‘geopolitical’ i ndiaidh an chogaidh san Úcráin.
Ach Dúirt Matt Carthy ó Shinn Féin go bhfuil an chuma ar an scéal go gur ‘fóram comhairleach (consultative) ar bheartas slándála idirnáisiúnta’ atá i gceist ach is a mhalairt a mbeadh sé.
Dúirt sé, nach bhfuil tagairt don fhocal ‘neodracht’ ar chor ar bith, ach fós scrúdóidh an fóram ár gcaidreamh reatha agus amach anseo le Nato.
Tá an fóram cáinte ag People Before Profit mar ‘stitch-up’ le claonadh i dtreo cainteoirí ar son Nato.
Dhiúltaigh an tUasal Martin don dearbhú sin ag rá nach bhfuil aon chlár oibre faoi rún ag an bhfóram.
Cheistigh an tUachtarán freisin an t-am maidir le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in Óglaigh na hÉireann roimh athchóiriú.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuachtagus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.