Easaontas idir an tUachtarán agus an Rialtas maidir lenár neodracht (neutrality)

Rinne an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn cosaint (defence) láidir ar neodracht (neutrality) ach anois tá sé ar tí dul chun spairne (collision course) leis an Rialtas.

Dúirt an tUachtarán go bhfuil Éire ‘playing with fire’ leis ár neodracht (neutrality) agus thug sé foláireamh maidir le bogadh ó pholasaí traidisiúnta na hÉireann maidir le ‘neodúlacht dhearfach’.

Tagann a chuid tuairimí chun tosaigh roimh an bhFóram Comhairliúcháin an Rialtais ar Shlándáil Idirnáisiúnta (Consultative Forum on International Security), a thagann le chéile an tseachtain seo chun neodracht agus saincheisteanna eile a phlé.

In a dhiadh sin, chosain an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin fóram an Rialtais.

Chomh maith le sin thug an t-iar-aire gnóthaí eachtracha Charlie Flanagan le fios nár cheart don Uachtarán a bheith ag labhairt ar an ábhar.

Micheál Martin agus neutrality
Micheál Martin

Dúirt an tUasal Martin: ‘Tá sé ráite ag an Rialtas nach bhfuil sé ar intinn againn polasaí na hÉireann maidir le neodracht mhíleata (military neutrality) a athrú.’

Dúirt sé freisin, áfach, ‘ó ionradh brúidiúil (brutal invasion) agus mídhleathach na Rúise ar an Úcráin’ go bhfuil ‘athscrúdú déanta ag gach tír san Eoraip ar a cuid polasaí eachtrach, slándála agus cosanta (foreign, security and defence policies)’.

Dúirt sé ‘nach bhfuil Éire difriúil’ agus go bhfuil Éire ‘ag iarraidh Náisiúin Aontaithe láidir agus éifeachtach a bheith ann’.

Chuir iar-aire Fhine Gael, Charlie Flanagan, i leith an Uachtaráin go ndearna sé iarracht ‘polasaí an Rialtais a mhúnlú (shape) i gcoinne cúlra de thraidisiún láidir nach dtugann uachtaráin dúshlán (challenge) do pholasaí an Rialtais’.

In agallamh leis an Business Post, leag an tUachtarán Ó hUiginn aird ar chomhdhéanamh na bpainéal ag an bhfóram ag rá go n-áirítear leo ‘na hAimiréil, na ginearáil, an t-aerfhórsa, an chuid eile de’ chomh maith le ‘na tíortha a bhí neodrach roimhe seo atá ag dul  isteach i Nato anois’.

‘Cuireann an tarraingt siar ó fhéinmheas (self-esteem) ár bpolasaí eachtraigh (foreign policy) imní orm’, a dúirt sé.

Thagair sé freisin do chathaoirleach an Fhóraim – Louise Richardson – mar dhuine ‘le DBE an-mhór (Dame of the British Empire).

Tiocfaidh an fóram le chéile i gCorcaigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath ón Déardaoin.

Dúirt Matt Carthy ó Shinn Féin go bhfuil an chuma ar an scéal go gur ‘fóram comhairleach (consultative) ar bheartas slándála idirnáisiúnta’ atá i gceist ach is a mhalairt a mbeadh sé.

Dúirt sé, nach bhfuil tagairt don fhocal ‘neodracht’ ar chor ar bith, ach fós scrúdóidh an fóram ár gcaidreamh reatha agus amach anseo le Nato.

Tá an fóram cáinte ag People Before Profit mar ‘stitch-up’ le claonadh i dtreo cainteoirí ar son Nato.

Dhiúltaigh an tUasal Martin don dearbhú sin ag rá nach bhfuil aon chlár oibre faoi rún ag an bhfóram.

Cheistigh an tUachtarán freisin an t-am maidir le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in Óglaigh na hÉireann roimh athchóiriú.


Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuachtagus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram