‘I’m done with this’: Is ‘psychic’ é cruthaitheoir Black Mirror Charlie Brooker, a deir réalta na sraithe nua Salma Hayek

Ní bheidh baint ar bith ag Salma Hayek leis an teicneolaíocht níos mó, tar éis di a bheith trína chéile agus é ag scannánú do shraith nua Black Mirror.

Tá Séasúr a Sé de Black Mirror, an tsraith ‘dystopian’ le Charlie Brooker díreach tosaithe ar Netflix, agus tá sé níos aisteach ná riamh.

Tá Hayek le feiceáil sa chlár Joan Is Awful in éineacht le réalta Schitt’s Creek Annie Murphy agus dúirt sí gur chuir Murphy ina luí uirthi gur ‘psychic’ é Brooker.

Díríonn Joan Is Awful isteach ar charachtar Murphy agus fiosraíonn sí dul chun cinn casta sa teicneolaíocht, rud a dúirt Hayek gur ‘mearbhall’ (confusing) a bhí ann.

Salma Hayek 1
Salma Hayek

Dúirt an t-aisteoir a bhí sa scannán Frida leis an Press Association: ‘Tá mé “done” leis an teicneolaíocht anois.

‘Bhí mé caillte ó thús agus d’fhan mé caillte go dtí an deireadh, agus lean mé ag fiafraí d’Annie, “cad é seo?”

‘Tá sí cineál nerd, tá a fhios agam go bhfuil sí ina “hot blonde”, ach tá sí an-nerdy agus an-mhaith le teoiric comhcheilge (conspiracy theory).

‘Tá sí cinnte go bhfuil Charlie síceach (prychic) agus chuir sí sin ina luí orm faoi Black Mirror .

‘Ach mhíneodh sí an plota dom agus dúirt mé, “Ceart go leor, Tuigim é, Tuigim é”, agus uair an chloig ina dhiaidh sin, déarfainn, “ach fan nóiméad, cad a dúirt tú, cad atá ag tarlú anseo?” Agus, sea, bhí mé trína chéile.

Tá Joan Is Awful ar cheann de chúig eipeasóid uair an chloig a chuimsíonn an séú séasúr de Black Mirror, a seoladh ar Netflix Déardaoin.

Dúirt Brooker go raibh sé ag iarraidh ‘cuid de na bun-bhoinn tuisceana maidir le heachtra Black Mirror a chaitheamh amach’ nuair a rinne siad scannánú don tsraith.

Mhínigh sé: ‘Nuair a thosaigh muid ar an seó, ní raibh mórán seónna ‘sci-fi dystopian’ ann.

‘Le séasúr a sé, rinneadh iarracht dul níos faide.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram