Tá €453m sa phota: Ba cheart go bhfaigheadh 650,000 duine cáin ar ais, an bhfuil tusa duine díobh?

Dúirt an t-údarás cánach go bhfuil cáin dlite (due) ar ais anois ag 650,000 duine, agus go bhfuil €624 ar an meán le haisíoc ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Is ionann na haisíocaíochtaí atá dlite i mbliana agus €453 milliún, a dúirt na Coimisinéirí Ioncaim i ndoiciméad faisnéise ar thuairisceáin chánach don chéad trí mhí den bhliain.

Baineann na figiúirí le 810,600 comhdú (filings) cánach ioncaim a rinne oibrithe PAYE agus daoine féinfhostaithe (selfemployed) leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní dhearna ach thart ar leath de na daoine atá in ann creidmheas cánach cíosa nua (new rent tax credit) a éileamh.

Fuair 202,500 duine é agus ba é an meánmhéid a íocadh ná €474; ach tá thart ar 400,000 duine incháilithe dó, dar leis an Roinn Airgeadais.

money muleMan 768x448 1

Tá an creidmheas siardhátaithe (backdated) go dtí an bhliain seo caite agus is fiú suas le €500 é do dhaoine aonair agus €1,000 do lánúin.

D’éiligh 207,500 duine san iomlán cáin ar ais as caiteachas ar shláinte anuraidh.

Ba é meáníocaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim ná €277.

Léiríonn figiúirí na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil céatadán beag díobh siúd atá i dteideal éileamh a dhéanamh ar chostais sláinte ag déanamh amhlaidh.

Is féidir le cáiníocóirí 20% a éileamh le haghaidh caiteachais ar chuairteanna dochtúirí teaghlaigh agus comhairleoirí, agus costais oidis.

Níor éiligh ach 73,500 duine faoiseamh d’obair ó chian (remote working). Ba é an meánsochar ná €61. Ach thug beagnach 750,000 duine, trian de na hoibrithe le fios, go raibh siad ag obair as baile ar feadh cuid dá seachtain ar a laghad, de réir Dhaonáireamh 2022.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil níos lú ná duine as 10 ag éileamh an fhaoisimh chánach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram