Ná bac le ‘tax cuts’, caith an airgead ar ‘tithíocht, ospidéil agus scoileanna’, a deir na daoine

B’fhearr le formhór na vótálaithe go gcaithfeadh an Rialtas airgead breise ar sheirbhísí poiblí seachas ar cánach (tax cuts), a léiríonn pobalbhreith (poll) an Irish Times/Ipsos is déanaí.

Le sin, tá lucht tacaíochta Fhine Gael ar aon intinn le na vótálaithe i gcoitinne. Tar éis ceist faoi tús áite do chiorruithe cánach, ní raibh ach 9% de na vótóirí ar fad, agus 9% de vótóirí Fhine Gael freisin, ar son é sin.

Tagann an pobalbhreith i ndiaidh d’airí Fhine Gael agus an Taoiseach Leo Varadkar béim a leagan le seachtainí beaga anuas ar iarrachtaí Fine Gael roinnt laghduithe cánach a bhaint amach sa bhuiséad d’oibrithe meánioncaim.

Ach chonaic an páirtí a thacaíocht ag titim sa phobalbhreith Déardaoin, agus thit rátáil phearsanta Varadkar freisin.

Nuair a fiafraíodh díobh, níor thacaigh formhór na vótóirí ar son sábháil an airgid nó é a chaitheamh ar níos mó dár bhfiachas náisiúnta a íoc ar ais, nó ar ghníomhaíocht aeráide nó ar chiste a bhunú chun íoc as Éire aontaithe. Agus thug níos lú ná 10% ciorruithe cánach mar chéad nó dara rogha.

Leo Varadkar ag iarraidh tax cuts
Leo Varadkar

Ina áit sin dúirt 40% gurbh é an chéad rogha a bhí acu ná: ‘infheistíocht a dhéanamh i bhfoirgníocht bhonneagair ar nós iompar poiblí, tithíocht, ospidéil agus scoileanna’.

Ina theannta sin, dúirt 25% de na vótálaithe gurb é a gcéad rogha ná ‘caiteachas ar sheirbhísí poiblí ar nós sláinte agus oideachais’.

Nuair a cuireadh ceist orthu faoina ndara rogha, roghnaigh 24% infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus chuaigh 28% le caitheamh ar sheirbhísí poiblí.

Léiríonn an pobalbhreith freisin méadú ar líon na ndaoine atá ag streachailt leis an gcostas maireachtála.

Deir os cionn leath de na vótálaithe go léir (52%) anois go bhfuil sé ‘i bhfad níos deacra’ bainistíocht airgeadais a dhéanamh anois, méadú ceithre phointe ó mhí Feabhra.

Léiríonn an pobalbhreith tacaíocht leathan freisin i measc na vótálaithe do bhearta gnímh ar son na haeráide – cé nach bhfuil mórán tacaíochta ann don smaoineamh gur cheart go mbeadh gníomhaíocht ar son na haeráide mar phríomhthosaíocht aonair an Rialtais.

Deir díreach os cionn an cúigiú cuid (21%) de vótálaithe go bhfuil an Rialtas ag bogadh ‘ró-ghasta’ ar ghníomhú aeráide, agus deir beagnach ceathrar as 10 (38%) go bhfuil na hathruithe polasaí ag tarlú ‘ró-mhall’. Deir 30% go bhfuil siad ag tarlú ‘ar an luas ceart’.

Mar sin féin, ní deir ach 18% de na vótálaithe gur cheart go mbeadh gníomhaíocht ar son na haeráide mar ‘ardthosaíocht’ ag an Rialtas, agus deir beagnach trí cheathrú (72%) gur cheart go mbeadh sé ‘ar cheann de roinnt tosaíochtaí’.

Ní deir ach 8% nár cheart ‘tosaíocht ar chor ar bith’ a bheith ann.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram